Tip:
Highlight text to annotate it
X
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,

Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Óra, chuaigh sé a' rith geallta, chuaigh sé a' rith geallta,
Chuaigh sé a' rith geallta, mo Cheallachín Fionn,
Chuaigh sé a' rith geallta i sliogáinín bairneach,
Is bhuach sé trí gheall, mo Cheallachín Fionn.
'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'Dul soir Cora Fhidhinse 'sea chaith sé a stiúir,
'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'S ní phósfadh sé anois nó go bhfágha sé bád nua.
(Curfá):'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é,
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Tá capall is carr i nGaillimh le mí,
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Ag iarraidh gléas bainise don Cheallachín Fionn.
Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Ag bun Chruaich na Caoile is ea stríocann na báid,
Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Agus siúd é siar Green, is tá bratach ina chrann.
Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Ag tóin Sceirde Mór, tá soithigh mo lao,
Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Agus raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.
(Curfá):'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é,
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó,
'S bhí punt do Dhaideo ag mo Cheallachín Fionn,
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó
'S an chuid eile len ól ag mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Is iúdail í, adail í, iúdail í, adail í,
Iúdail í, adail í, soithigh mo lao,

Iúdail í, adail í, mo Cheallachín Fionn.