Tip:
Highlight text to annotate it
X
Athrú Aeráide agus Éire - Réamhrá
Táirgíonn gach duine 17 tonna gáis ceaptha teasa in aghaidh na bliana.
Sin dóthain chun 2 milliún balún a líonadh an duine.
Ag tiomáint chun na hoibre, ag déanamh agus ag téamh ár gcuid tithe.
Ag tabhairt cumhachta do thionscail, tráchtáil, táirgeadh bia.
Is breoslaí iontaise a chuireann muid ag obair.
Ní féidir na gáis seo a fheiceáil.
Ní thugamar aon aird orthu go dtí go bhfacamar na tionchair a bhí acu.
Ní féidir athrú aeráide a sheachaint anois.
Tá sé faoi lán seol agus ag gluaiseacht leis.
Fiú dá gcuirfí stop le hastuithe, leanfaidh na gáis cheaptha teasa...
..ag téamh san atmaisféar ar feadh na céadta bliain.
Caithfimid féachaint arís ar an úsáid a bhaintear as breoslaí...
..agus réiteach a fháil sula mbeidh sé ródheireanach.
Tasc mór é seo.
Bliain mhór d'athrú aeráide a bhí ann anuraidh.
Thug an Paineál Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide le fios...
..gur ceist dháiríre a bhí anseo go cinnte.
Bhuaigh siad Duais Nobel na Síochána as a gcuid oibre.
Ba é an AE an chéad dream a tháinig chun cinn agus a ghlac freagracht.
Fógraíodh spriocanna dúshlánacha.
Sa Bhreatain, léirigh tuarascáil Stern chuig an Rialtas...
..dá ngníomhódh muid anois go n-éireodh linn astuithe a laghdú...
..chun teorainn a chur le téamh.
Bhí ganntanas uisce, tinte, spéirlingí agus tuillte sa nuacht.
Thosaigh oighearshruthanna a bhí na mílte bliain d'aois ag leá.
Baineadh stangadh asainn an Bealach Siar ó Thuaidh a fheiceáil ag leá.
Leá chomh mór go bhféadfaí seoladh tríd.
Rud nach raibh súil ar bith leis.
Bhuaigh Al Gore Duais Nobel as a chabhair.
Agus Oscar as 'An Inconvenient Truth' a chur ar scáileán.
Tá athrú aeráide ag tarlú.
Rud é nach féidir a shéanadh.
Níl mórán achair againn chun réiteach a fháil ar an bhfadhb.
Mura ndéanaimid rud éigin tiocfaidh ardú de 5-6 céim ceinteagrád...
..ar fud an domhain roimh dheireadh an chéid.
Rud a dhéanfaidh scrios ollmhór.
Cén fáth ar tharla sé seo?
Bhí breoslaí iontaise iontach.
Ní raibh súil ar bith ag aon duine go gcuirfeadh na hastuithe seo...
..isteach chomh mór ar an domhan.
Léiríonn an tuarascáil is deireanaí go bhfuil an eolaíocht aonchiallach.
Deir eolaithe go bhfuilimid ag athrú an chórais aeráide.
Beidh aeráid an 21ú aois difriúil de rud ar bith eile atá feicthe...
..le 10,000 bliain.
Ní fios céard atá romhainn.
Ní féidir le heolaíocht a thuar céard atá ar an mbealach.
Fuaireamar ardú 13% ar leibhéil 1990 i Kyoto.
Tá ár gcuid astuithe os a chionn sin.
Tá an AE tiomanta laghdú de 20% a dhéanamh roimh 2020.
Agus fiú laghdú de 30% roimh 2020.
Is dúshlán mór é.
Tá ár gcuid astuithe ag ardú go sciobtha.
Caithfimid gearradh siar.
Tá sprioc leagtha amach acu na hastuithe CO² a laghdú 3% gach bliain
Níor éirigh le haon tír é sin a dhéanamh riamh.
Caithfidh gach duine teacht le chéile.
An deascéala ná, cé go bhfuilimid ag ceannach ár mbealach amach...
..as oibleagaidí, tá sé ar ár gcumas gás ceaptha teasa a laghdú.
Cé gurb é an tíogar ceilteach ba chúis le hastuithe...
..is é a thug an t-airgead dúinn chun réiteach a fháil.
Tá sé in am cúiteamh a fháil.
Caithfidh daoine fios a bheith acu...
..nach bhfuil an saol atáimid a mhaireachtáil inbhuan.
Tá an saol sin ag cur le hastuithe.
Caithfimid páirt a ghlacadh ann.
Is cuid den fhadhb muid féin.
Is féidir linn réiteach a fháil air chomh maith.
Chun dul i ngleic le hathrú aeráide, caithfimid stop a chur...
..le gáis cheaptha teasa cibé áit is féidir.
Tá a dhá oiread astuithe domhanda ag baint le talmhaíocht...
..mar gheall ar an líon mór beithíoch agus caorach.
D'fhéadfaí coigilt mhór a dhéanamh dá ndéanfaí drochfhoirgnimh...
..a thabhairt cothrom le caighdeáin.
Táimid ag teip go mór i dtaobh cúrsaí iompair.
Tá neamhaird á dhéanamh ar chórais phoiblí iompair.
Níl ciall ar bith daoine a bheith ag tiomáint 100 nó 200 míle ó bhaile...
..i gcarranna astu féin chun dul ag an obair.
Teastaíonn ceannaireacht ar an gceist seo agus an oiread deiseanna...
..caillte againn de bharr dhrochphleanáil infrastruchtúir.
Táimid sáinnithe i gcarranna ar mhótarbhealaí plódaithe...
..chomh fada le bailte.
Is féidir linn féachaint siar ar na bealaí a d'fhéadfaí a thógáil.???
De bharr athrú aeráide, beidh orainn go leor a athdhéanamh.
Is féidir straitéis athrú aeráide a bheith agat ach má leanann daoine..
..ar aghaidh le nósanna maireachtála neamh-inbhuanaithe agus mura mbeidh..
..comhairle idir-rannach ann, an Roinn Iompair ag déanamh rud amháin..
..agus an Roinn Talmhaíochta ag déanamh rud eile,...
..ní bhainfidh an straitéis náisiúnta mórán amach.
Táimid ag glacadh le heolaíocht athrú aeráide.???
Tá siad ag iarraidh réiteach a fháil air.
Teastaíonn ceannaireacht uathu chun an fhadhb a réiteach.
Beidh drochdheireadh aige seo.
Tá daoine ag iarraidh go mbeidh domhan ann dá gcuid leanaí.
Chun astuithe a ghearradh sa bhaile, caithfimid...
..dramhaíl agus neamhéifeachtaí a laghdú.
Agus foinsí in-athnuaite a chur i bhfeidhm.
Tá go leor acmhainní nádúrtha againn.
Agus praghas ola agus gáis ag ardú, ar mhargadh domhanda atá ag laghdú,..
..bheadh gá dúinn athrú ó bhreoslaí iontaise ar aon chaoi.
D'fhógair Gordon Brown plean chun tabhairt faoi...
..réabhlóid cumhachta gaoithe a tháirgeoidh cumhacht do gach teach..
...sa Bhreatain roimh 2020.
Más féidir leo é sin a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe,...
..cuimhnigh ar an méid a d'fhéadfadh muide a dhéanamh...
..leis na buntáistí nádúrtha agus luas na gaoithe atá anseo.
Tá áthas an domhain orm go bhfuil ola faighte chomh daor.
Tá daoine á spreagadh anois.
Tá rialtais ar fud an domhain ag rá nach féidir a bheith ag brath...
..ar an bhfoinse seo a rinne saibhir muid go dtí seo.
Caithfimid athrú.
Nuair a chuirtear dúshlán mar seo os ár gcomhair...
..tabharfaimid faoi.
Níl uainn ach spreagadh.