Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tá teoiric ann sa litríocht ar a dtugtar "mothúchán dochrach",
teoiric go bhféadfadh radharc, smaoineamh díobhálach, fuaim, amhrán lonnú i d'inchinn agus
fanacht ann ar feadh i bhfad agus dochar a dhéanamh duit.
Ag fágáil leibhéal bearráin de thoradh amhráin ar leathaobh, tá rud sa saol gur féidir leis lonnú i do cheann
agus an chaoi a n-oibríonn d'inchinn a athrú trí féachaint air amháin.
An t-éifeacht McCollough a thugtar air, agus rabhadh anseo; tuigim nuair a deirtear le daoine ar
an idirlíon gan rud faoi leith a dhéanamh, go bhfuil sé ar nós rá le páiste cúig bliana d'aois gan pónairí a shá ina s(h)rón,
tá sé/sí chun pónairí a shá ina s(h)rón. Ach, lándáirire; má oibríonn tú le téacs
nó fís, ná déan seo.
Baineann an t-éifeant McCollough leis na híomhánna seo. Má stánann tú orthu ar dhóthan fhad ama
--abairmís cúig soicind déag go cúig nóiméad déag-- cruthófar, ar nós
le híomhánna bána, a mhalairt i d'inchinn.
Má stánann tú ar sholas glas ar dhóthan fhad ama, feicfidh tú dath dearg, ar feadh tamaillín i ndiaidh sin.
Ach, ní fheidhmníonn sé seo ag leibhéal reitneach: feidhmníonn an t-éifeacht McCollough, ar fháth éigin,
i leibhéal an incheann.
Má ionduchtaíonn tú iad seo go leor- cúig nóimead déag- tá tú chun na dathanna inbheartacha a fheiceáil
ar na gríleanna sin am ar bith a fhéachann tú ar rud mar, na ráillí seo, an t-am uilig, ar thréimhse
chomh fada le trí mhí.
Is rud an-neamhchoitianta é an t-éifeacht McCollough, tá sé sách scanrúil, is fíoríomhá í ar féidir léi
lonnú i d'ínchinn, an tslí a n-oibríonn sé a athrú agus í féin a shá ann ar thréimhse nach beag.
Is fíormhothúchán dochrach é, agus sin rud cuibheasach scanrúil a bhféadfadh nárb eol duit.
Translation: Ted Kelly