Tip:
Highlight text to annotate it
X
I mí na Samhna, gheall Ceanada go nglacfaí le 25,000 dídeanaí ann.
Trí seachtaine ina dhiaidh, tháinig Emad agus a theaghlach go hOntario.
Emad: Táimid ag siúl ar an uisce.
Hamudi: An bhfuil sé iomlán reoite?
Emad: Is as an tSiria mé, ó réigiún Daraa.
D'fhág mé le mo bhean chéile agus mo ghasúir
mar bhí sé an-chontúirteach ann.
Chun an fhírinne a rá, ní raibh aon eolas agam ar Cheanada.
Brian Logel: Tar éis gur buamáladh
an sráidbhaile gar dá n-áit chónaithe,
chuir Emad agus Rezan a maoin ar fad isteach i dtacsaí,
agus theith siad.
Ní raibh Béarla ar bith acu
nuair a tháinig siad anseo i dtosach.
Philomena Logel: Na gasúir --
tá siad tar éis fulaingt go mór.
Ba mhaith linn an fhaitíos tosaigh sin a shárú
nach mbeidh siad ábalta iad féin a chur in iúl
mar teastaíonn ó gach duine bheith cosúil le daoine eile.
Walker: Duine nua thú, agus áit iomlán nua atá anseo,
agus bíonn faitíos agus cúthaileacht ar dhaoine
agus iad ag dul i ngleic leis na rudaí nua ar fad.
An dúshlán is mó a bhíonn ann
le daltaí ó thíortha eile
ná go mbíonn fadhbanna acu
mar ní bhíonn aon bhunús sa teanga acu.
Gordon: A Hamudi, céard is maith leat a fhoghlaim ar scoil?
[glór leictreonach mná in Araibis]
Hamudi: Scríbhneoireacht.
Gordon: Is maith leat bheith ag scríobh? Hamudi: Is maith.
Gordon: Scríobhtar an Araibis sa treo eile.
Bhí Google Translate an-úsáideach
mar chuireann sé an scríbhneoireacht sa treo eile dóibh.
Walker: Agus a scileanna teanga ag forbairt,
is ar a muinín féin a thagann an t-athrú is mó.
Hamudi: Tar anseo, a éinín!
Walker: Bíonn siad an-bhródúil anois
nuair a chuireann siad abairt le chéile.
Fateh: Hé, sin m'ainm.
Gordon: Tá siad níos mó ar a gcompord,
ach tá obair le déanamh i gcónaí.
Emad: Ní thuigeann siad gach uile fhocal...
Ach tá siad an-sásta.
Gordon: Cén bia is fearr leat?
[glór leictreonach mná in Araibis]
Fateh: Pizza. [leanaí ag scig-gháire]
Gordon: Pizza. Bia álainn é sin.
Do gach duine a chuir fáilte roimh dhídeanaí
Míle buíochas