Tip:
Highlight text to annotate it
X
Teacht ó na coille seo go huaigneach Dé Céadaoin
Casadh orm ógbhean (in)sa bhfásach,
' Toraíocht na ngamhna sea (óir) a cuireadh mé,
Is ceann (ó) ní bhfaighidh mé go lá 'cu.
Tá crainnín caorthainn fá bhun, ó, na coille seo,
Is beimid (le chéile) (ansan) go lá bán ann,
Béimid inár suí le bánú geal na maidine
Is gheobhaimid na gamhna (insan bhfásach) (amarach).
Bheirim mo mhallacht do mhaoir na coille seo,
(mar) 's iad a d'fhág anseo le fán mé
M'athair is mo mháthair go brónach sa bhaile,
'S gan gaire agam teacht ina láthair.
Anois, a stóirín, ó tá tú ag imeacht uaim
'S a tharla nach tú 't á i ndán dom
Seo duit(se) póigín ar bharr do chuid méar(a),
'S, a stóirín, mo chúig céad slán leat