Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tá an Pharlaimint ann,
tá an Chomhairle Eorpach ann i gcomhar le Comhairle na nAirí,
tá an Coimisiún Eorpach ann.
Ní mór do na hinstitiúidí uile oibriú i gcomhar le chéile.
Is mise Martin Schulz. Is mé Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
Is mise José Manuel Durao Barroso.
Is mé Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
Is mise Eleni Mavrou. Táim mar chathaoirleach ar an gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
Bhí mé i mo chathaoirleach ar Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha. ECOFIN, mar a deirimid.
Is mise Herman Van Rompuy,
Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a bhfuil na Ceannairí Stáit nó Rialtais.
Institiúid Eorpach í an Chomhairle Eorpach
ar a bhfuil Ceannairí Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát,
28 mBallstát go gairid.
Tagaimid le chéile ceithre huaire sa bhliain.
Níos minice ná sin i gcás géarchéime, sé huaire nó seacht n-uaire sa bhliain.
Ní mór fás struchtúrach agus fostaíocht a chur ar bun san Eoraip an athuair.
Go deimhin féin, is fúinne atá sé
an beartas eacnamaíoch agus eachtrach a stiúradh.
Is sinne an institiúid pholaitiúil bhunaidh.
Is ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne atá an Coimisiún Eorpach.
Sin é an dearcadh atá againn.
Institiúid ar leith í de chineál fornáisiúnta.
Déantar ionadaíocht ar na Ballstáit uile
ach ní ar mhaithe lenár rialtais féin ná lenár dtíortha féin atáimid ann.
Táimid ag iarraidh léirmhíniú a thabhairt,
agus an fód a sheasamh ar mhaithe leis an Eoraip i gcoitinne.
Is ag an gCoimisiún Eorpach atá an ceart...
...nó is air atá an dualgas, tograí a thíolacadh don reachtaíocht.
Ina dhiaidh sin, is faoin gComhairle, a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais,
agus faoin bParlaimint, iad a fhormheas. Comhreachtóirí iad.
Ach is ag an gCoimisiún atá an ceart tionscanta.
Tagann Comhairle na nAirí le chéile i bhfoirmeacha éagsúla.
Is é Teach na 27 mBallstát é.
Is ann a thagann na hairí le chéile, ó gach tír.
I ngach cás, is iad na hairí atá freagrach as réimsí ar leith a ghlacann páirt.
Agus nuair a thagtar a chomhréiteach,
ar thogra ón gCoimisiún,
téimid i mbun idirbheartaíochta le Parlaimint na hEorpa.
Seasann an Pharlaimint an fód do shaoránaigh an AE.
Ní mór dúinn a bheith i mbun cainte le chéile i gcónaí.
Is sinne an t-aon dlísheomra ar domhan
a cheapann dlíthe atá ina gceangal ar 27 tír agus náisiún.
Cé atá i bhfabhar?
Cé atá ina choinne?
Cé atá ag staonadh? Glactar leis.
Tá breis is 700 comhalta i 7 ngrúpa polaitiúil sa Pharlaimint,
agus ionadaíocht á déanamh ar 300 páirtí ar an iomlán
is dúshlán ollmhór é freastal dóibh go léir,
ach léiríonn sé chomh spéisiúil is atá an Eoraip,
go bhfuilimid go léir éagsúil ach go seasaimid le chéile ag an am céanna.
Mar Uachtarán, bím i gceannas ar na cruinnithe
agus réitím an bóthar dóibh freisin.
Ní mór dom feidhmiú sa treo is go dtagaimid ar chomhaontú
toisc go gcaithfear teacht ar chomhaontú, ar chomhréiteach, ag gach Comhairle Eorpach.
Ní mór a bheith ullmhaithe go maith
ionas go mbeadh toradh fónta ar gach cruinniú den Chomhairle
Tá toil pholaitiúil ann na geasa a bhriseadh agus teacht ar chomhaontú.
Má bhíonn oiread is duine amháin nach toil leis é, ní hann do chomhaontú.
Mar sin, is iomaí cruinniú
gurbh éigean dom teacht ar réiteach speisialta don aon tír amháin.
Is faoi Uachtarán Pharlaimint na hEorpa é cúraimí uile na Parlaiminte a chomhordú.
Agus mé sa chathaoir ag seisiún iomlánach, bím i bhfeighil gach aon ní.
Ní furasta féachaint sa tsúil ar gach comhalta, agus an oiread sin acu ann.
A chomhghleacaithe córa, éistigí liom go fóill.
Maidir leis an Teach seo, bímis cruinn, cinnte faoi rud amháin.
Is institiúid dhaolathach í!
Caithfidh mé a admháil gur deacair dom, uaireanta, guaim a choimeád orm féin.
Do dheas liom féin a bheith páirteach sa phlé toisc gur polaiteoir mé,
ach ní mór don Uachtarán bheith neodrach.
Is é ról an Uachtaráin, gan amhras,
treoir pholaitiúil a thabhairt agus ansin teacht ar chomhaontú.
Ó lá go lá,
caithim go leor ama ag oibriú i gcomhar leis na Coimisinéirí eile.
Bíonn am uaim freisin le hionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas Eorpach,
ag na cruinnithe mullaigh, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí,
sna Stáit Aontaithe, sa tSín, sa Rúis, san India,
sa tSeapáin agus ag cruinnithe mullaigh eile.
Is réiteach ceart struchtúrach ar an ngéarchéim seo é
ach níl faic na fríde dá thairbhe againn.
Ní féidir leanúint leis seo. Is iontach nár tháinig Montesquieu ar ais ó mhairbh.
Sa Pharlaimint, ba cheart go léireofaí an saol mar atá
agus bíonn bús faoin saol. Bíonn gleo ag na daoine.
Téigh isteach i dteach tábhairne nó i mbialann
agus éist le plé polaitiúil.
Bíonn gleo ansin freisin, agus easaontas.
Bíonn na doirse dúnta agus an Chomhairle ar siúl, rud a dhéanann difríocht mhór
mar go mbíonn deis againn labhairt amach go hoscailte le chéile.
Ach chuir sé iontas orm an chéad uair agam ann mar Phríomh-Aire na Beilge,
dhóigh leat go raibh seanaithne acu go léir ar a chéile.
Nicolas nó Angela a thugainn orthu, thugaidísean Herman ormsa.
Bhí sé an-aisteach.
Ach tá comhar cairdis ann go dlúth.
Bíonn aithne phearsanta agat ar gach comhalta den Chomhairle.
Tá sé tábhachtach go dtuigfeá cad as atá gach éinne ag teacht.
Tá sé an-tábhachtach go n-éisteofá leis an méid atá á rá ag daoine eile.
Go n-éisteofá go géar leo.
Ní leor díreach deis cainte a thabhairt dóibh agus buíochas a ghabháil leo,
caithfear éisteacht go géar leo.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh tuiscint cheart agat
ar sheasamh na ndaoine eile chun cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach.
Tá neamhspleáchas iomlán le feiceáil anseo, agus díograis do chás na hEorpa.
Is é an taithí atá agam, agus tá sé seo spéisiúil,
gurb beag is fiú difríochtaí idé-eolaíocha sa Choimisiún Eorpach.
Ní bhaineann siad le hábhar.
Mar Uachtarán ar an gCoimisiún, táimse dílis don Eoraip, do pháirtí na hEorpa.
Agus táim dáiríre faoi sin. Táim go hiomlán dílis dó.
Sa 21ú hAois, ní féidir an fhéiniúlacht ná an tslándáil
a chosaint le struchtúir náisiúnta agus leo sin amháin.
Ní mór dul níos sia ná an leibhéal náisiúnta.
Ní mór féachaint chun na hEorpa.
Tá níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach ná an margadh aonair,
tionscadal síochána atá ann agus tionscadal saoirse agus daonlathais.
Tá sé níos tábhachtaí ná riamh, sa 21ú hAois, le comhtháthú an domhain,
go seasfaimis le chéile.
Is sinne an chéad ghlúin riamh nár fhulaing cogadh.
Agus is oidhreacht é sin a cheart a fhágáil ag ár gclann agus ag clann ár gclainne.
Is chuige sin a chaithimid ár ndúthracht leis an Eoraip.
Ní díreach ar chúiseanna eacnamaíocha ná airgeadaíochta, bíodh go bhfuil tábhacht leo freisin.
Táimid ar ár gcroí díchill ag iarraidh fís seo na hEorpa a choimeád slán�