Tip:
Highlight text to annotate it
X
AN COMHBHEARTAS SLÁNDALA AGUS COSANTA
Seo long cogaidh Eorpach i mbun oibríochtaí slándála sa limistéar seo.
Má fheiceann tú aon rud amhrasach nó mídhleathach nó má tá cabhair uait, cuir glaoch ar chainéal 16.
Táimid i luathbhlianta an chéid seo
agus tá foghlaithe mara i bun a ngnó i Murascaill Áidin ag sceimhliú na loingseoireachta idirnáisiúnta
rud a chuireann soláthar an chúnaimh bhia chuig an tSomáil i mbaol.
Cuireann an bhagairt mhéadaithe ar muir i dteannta na tubaiste daonnúlach ar tír
an tAontas Eorpach i gcruachás: ar cheart dó beart a dhéanamh nó gan beart a dhéanamh.
Tar éis dianchomhairliúchán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon
cruthaítear EU NAVFOR na Somáile - Oibríocht Atalanta,
an chéad mhisean cabhlaigh ar thug an tAontas Eorpach riamh faoi.
B'iad na príomhdhúshláin, ar ndóigh,
an chéad mhisean cabhlaigh de chuid an Aontais Eorpaigh a thabhairt le chéile
i gcoinne namhad an-achrannach ar fad
agus é sin a chur ar bun i bhfad i gcéin ón Eoraip
agus an t-oibríocht sin a choinneáil ag imeacht ar feadh tréimhse maithe ama.
Gné amháin den shainordú a bhí ag EU NAVFOR longa agus soithigh leochaileacha
a bhfuil cúnamh daonnúlach á iompar acu a chosaint ó ionsaithe ó fhoghlaithe mara.
Agus suas le 5,000 long in aghaidh na míosa áfach ag trasnú Mhurascaill Áidin
agus limistéar na n-oibríochtaí ar an méid céanna agus méid na hEorpa go leith,
níl sé sin éasca ar chor ar bith.
Bímid ag obair as láimh a chéile.
Oibrímid i ndlúthpháirtíocht le NATO a bhfuil fórsa amuigh ansin acu
agus leis an gComhfhórsa Muirí atá bunaithe i mBairéin.
Bhí sé ar ceann de na hoibríochtaí is suimiúla
sa dóigh go raibh comhar thar na bearta ag baint leis,
an cineál sin comhair nach dtarlódh ar tír measaim ach a bhí in ann tarlú ar muir.
Agus roinnt long cogaidh ag oibriú le chéile faoin mbrat EU NAVFOR,
tháinig laghdú ollmhór ar líon na n-ionsaithe.
Is dócha gur éirigh níos fearr le Atalanta ná le haon chuid eile den Chomhbheartas,
ach ní leor foghlaithe mara amach ón gcósta a throid.
Caithfear aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna.
Ní thagann daoine le bheith ina bhfoghlaithe ar mhaithe le rómánsaíocht ach de bharr gur gnó maith é:
ní mór dúinn peirspictíochtaí nua a chruthú don tír mar sin.
Agus rath beartach bainte amach againn ar muir, is é an chéad dúshlán eile,
i dteannta Mhisean an Aontais Afracaigh chuig an tSomáil,
arm na Somáile atá i dtús a fháis a neartú chun an bhagairt ó Al-Shabaab a fhreagairt.
Dúshlán mór do mhisean oiliúna míleata an Aontais Eorpaigh don tSomáil.
Nuair a chruthaigh an tAontas Afracach AMISOM mar mhisean síochána don tSomáil,
níor tháinig mórán daoine chun tacú leo.
An tAontas Eorpach amháin a chreid ann
agus a d'infheistigh ann trí chlár oiliúna EUTM,
lenar cuireadh oiliúint ar níos mó ná 3,000 trodaí Somálacha dúinn.
Seo tír nach raibh stát feidhmeach aici le 22 bliain anuas,
ní cheart dúinn bheith ag súil dá bhrí sin go mbeadh bóthar réidh romhainn.
Ach tá dlús nua fúinn agus tá fuinneamh againn chun bogadh ar aghaidh.
Bhí Misean Oiliúna an Aontais lonnaithe lasmuigh den tSomáil roimhe seo.
Ach anois, tá siad aistrithe go dtí an tSomáil
agus tá siad chun oiliúint a chur ar na Somáiligh laistigh den tSomáil féin.
I dtír atá scriosta tar éis scór bliain de chogadh sibhialta,
tá na riachtanais slándála chomh práinneach is atá na riachtanais shóisialta eacnamaíocha.
Is é cur chuige cuimsitheach an t-aon fhreagairt éifeachtach mar sin.
Ba léir go raibh cur chuige comhtháite comhleanúnach ag teastáil
más rud é go rabhamar chun cabhrú le muintir na Somáile a cuid uaillmhianta a fhíorú.
Ó shin, tá tacaíocht iomlán an Aontais Eorpaigh á tabhairt don tSomáil
agus don réigiún máguaird.
Agus ba mhian liom a dhearbhú do mhuintir na Somáile go seasfaimid leo as seo amach.
Rud tábhachtach le tuiscint cumas an Aontais Eorpaigh
na cineálacha éagsúla nirt atá aige a chónascadh.
Is iad sin a neart daonnúil, a neart forbartha, agus anois a neart slándála.
Seo an tAontas ag tosú ar neart a chur taobh thiar den mhéid a mhaíonn sé.
Ag cur leis an rath a bhí ar EU NAVFOR agus ar an misean oiliúna chun na Somáile,
in 2012, sheol an tAontas Eorpach EUCAP Nestor,
an chéad mhisean forbartha cumais a raibh cur chuige fíor-réigiúnach aige.
Cumasófar leis cúig thír i réigiún Chorn na hAfraice
a gcuid limistéar muirí a rialú chun an phíoráideacht a chosc go háirithe.
Tá sé le dlíthe a thabhairt isteach, agus chun obair a dhéanamh sa limistéar muirí,
i.e. chun seirbhísí garda cósta nó cabhlaigh a fhorbairt a bheidh in ann an limistéar sin a rialú go hiomlán.
Seo iad na rianta. Seo iad na longa éagsúla ag dul tríd an gconair.
Póilín Francach is é Frédéric Pasquier a bhfuil a lán taithí aige
agus tá sé neadaithe i ngarda cósta Djibouti.
Is é an cúram atá air oiliúint a chur ar an bhfórsa tosaigh seo.
Tá oiliúint, trealamh, agus taithí phraiticiúil ag teastáil uathu go fóill.
Is féidir leis an Aontas Eorpach fios gnó a roinnt orthu,
agus a riachtanais féin agus a modh oibre féin á chur san áireamh.
Ar nós an gharda chósta, tá géarghá ag an gcabhlach le tacaíocht freisin.
Teacht na loinge cogaidh Spáinní Meteoro:
deis an-mhaith chun cleachtadh comhpháirteach a dhéanamh idir an cabhlach agus an garda cósta.
Táimid anois chun súil a chaitheamh ar an trealamh tumadóireachta atá ar bord anseo againn.
Gach uair a théann long chuig lamairne nó chuig cé
déanaimid an lamairne féin a scrúdú féachaint an bhfuil aon ní amhrasach ann
agus ansin, má tá an long fós sa chalafort scrúdaíonn muid an chabhail
féachaint an bhfuil aon bhagairt ann nó aon damáiste déanta di.
Cúram tábhachtach eile atá ar EUCAP Nestor
cabhrú leis na tíortha i gCorn na hAfraice a gcuid dlíthe a neartú
ionas go mbeidh siad in ann an phíoráideacht agus coireanna eile ar an mórmhuir a chomhrac,
amhail an t-iascaireacht agus an gháinneáil neamhdhlíthiúil.
Táimid ag obair i sochaithe iarchoinbhleachta
agus is é ceann dár gcéad tosaíochtaí an córas póilíneachta agus ceartais a chur ar bun arís.
Tar éis na gcogaí sna Balcáin,
thuig na Ballstáit gur ghá don Aontas gníomhú mar sholáthraí slándála,
rud a chuir bunús le Comhbheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.
Tháinig an Comhbheartas chun cinn de dheasca an fhrustrachais.
Chonacthas nach rabhamar éifeachtach go leor.
Ag an am céanna, bhí sé ag tarlú inár ngairdín féin. Sin an rud a tháinig chugainn i lár na nóchaidí.
Chuir sin dlús mór faoi fhorbairt an bheartais nua.
Scríobhadh síos sna conarthaí ansin é agus tosaíodh á chur i bhfeidhm in 2003 sa mhachaire.
Deich mbliana ina dhiaidh sin, tá teist mhaith ar Chomhbheartas Slándála
agus Cosanta na hEorpa
in oibríochtaí míleata agus i mbainistiú géarchéime sibhialta araon.
Is é an dúshlán anois an staid atá bainte amach againn a choinneáil i bhfianaise bagairtí nua
agus ciorruithe ar bhuiséid.
Má fhéachann tú ar na hoibríochtaí uile thar na deich mbliana seo atá imithe tharainn,
feicfidh tú go bhfuil láithreacht mhór ag na hEorpaigh, ag fórsaí armtha thíortha an Aontais Eorpaigh iontu.
Tar éis sin is uile, leis an staid ina bhfuilimid anois tá brú orainn dul níos faide fós.
Má tá an Eoraip chun leas iomlán a bhaint
as an gComhbheartas Slándála agus Cosanta,
beidh ar na hEorpaigh infheistíocht leordhóthanach a dhéanamh i gcumais mhíleata láidre.
Tá teorainn leis sin ó thaobh na hinbhuanaitheachta de,
agus ó thaobh chastacht na n-oibríochtaí míleata de.
Sin an fáth a ndéanaimid iarracht ár gcumais a fheabhsú,
go háirithe i réimse an athbhreoslaithe aer-go-haer, nó i réimse na n-aeraistrithe straitéiseacha.
Tríd ár n-acmhainní a chomhroinnt i dtéarmaí ábhair, daoine,
Cathghrúpaí AE agus sna nideoga sonracha ina raibh easpa le brath,
beimid in ann céim mhór ar aghaidh a ghlacadh.
Caithimid 200 billiún euro in aghaidh na bliana ar chosaint san Aontas Eorpach.
Má dhéanaim dúshlán agus deis as sin,
measaim nach mór dúinn iarracht níos mó a dhéanamh agus comhoibriú tuilleadh.
D'fhéadfaí borradh a chur faoin ngeilleagar dá neartófaí meatán míleata na hEorpa
trí phríomhacmhainní a chomhroinnt.
Níl dabht ar bith ann ach go gcuireann an chosaint leis an bhfás.
Agus go gcruthaítear léi poist ardoilte.
Bíonn réimse na cosanta go minic freagrach as nuálaíochtaí teicneolaíocha a thabhairt ar an bhfód
a thacaíonn le hearnáil eacnamaíoch iomlán.
Trí shineirgí a uasmhéadú idir oibríochtaí sibhialta agus míleata i gCorn na hAfraice,
chuir an tAontas Eorpach go dearfach le cobhsaíocht réigiúin atá thíos go mór le cogaí agus leis an mbochtaineacht.
Ach, i bhfianaise dúshlán slándála méadaithe sa domhan,
cén ról a bheidh ag an Aontas mar sholáthraí slándála anseo amach?
Beimid áit ar bith a mbeidh gá linn.
Tá an Comhbheartas faoi thiomáint an éilimh.
Feidhmímid i dtíortha agus i réigiúin a bhfuilimid in ann difear a dhéanamh iontu,
ach, ar ndóigh, ní mór dúinn bheith dea-ullmhaithe chun gníomhú.
Tá an cumas ann. Caithfimid féachaint chuige go mbeimid in ann é a úsáid.
An tAontas Eorpach GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH