Tip:
Highlight text to annotate it
X
Ach tá Benny Lewis ag maíomh gur féidir le duine ar bith a bheith líofa i dteanga ar bith i dtrí mhí.
D’iarramar air, tamall ó shin, agallamh a dhéanamh linn ar an gclár agus dúirt sé linn “tabhair trí mhí dom”.
“tabhair trí mhí dom!”.
Dhá mhí níos déanaí caite aige ag foghlaim na Gaelige, agus tá sé beo anseo sa stiúideo anois le labhairt linn trí Ghaeilge. Benny, fáilte romhat isteach.
Go raibh míle maith agat.
Conas mar a bhí sé a bheith ag foghlaim na Gaeilge?
Bhuel, thosaigh mé Gaeilge a fhoghlaim b’fhéidir cúig bhliain ó shin,
agus ní dhearna mé ach bonnleibhéal san Ardteist.
Ach, chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht, Gleann Cholm Cille agus chaith mé trí seachtain ann,
bhí sé deacair, ach thosaigh mé a bheith ag caint
agus anois b’fhéidir go bhfuil dhá mhí Gaeilge agam. Mar..
Tá go leor leor daoine sa tír seo a déarfadh go bhfuil an Ghaeilge fíor dheachair mar theanga
céard a déarfá leo?
Mmm. Bheul, mar a dúirt mé tá mé ag taisteal le deich mbliana anuas, agus bhí mé in a lán tíortha,
agus d’fhoghlaim mé a lán teanga,
agus mar shampla, i mbliana d’fhoghlaim (mé) an tSínis. Agus dhá bhliain ó shin, d’fhoghlaim (mé)
...an caidé...... an Ungáiris ..? Yeah..
Ach, deirtear go bhfuil siad na teangacha is deachra ar domhan.
Ach sin leithscéal le gach teanga
agus níl ....sin leithscéal atá againn in Éirinn.
Deirtear.....ahhh Gaeilge...”sin ró-dheacair”. Mar...an fhadhbh atá ná- táimid ag foghlaim an ghramadach ar scoil.
So, níl ach gramadach in ár gceann nuair a táimid ag smaoineamh faoin teanga.
Ach níl sé mar sin liomsa anois.
Ní cheapaim go bhfuil Gaeilge (an) teanga níos deacra. Níl teangacha níos deacra ar domhan.
Tá gach teanga ar domhan...tá páistí le ceithre cuíg, bliana d’aois agus tá siad ag caint an teanga.
So, níl sé deacair, níl an Ghaeilge, an tSínis...níl ar chor ar bith.
Deas an bealach é sin le smaoineamh faoi.
Agus do na daoine sin, tá tú ag rá go bhfuil sé fíor thábhachtach cinéailín tú féin a bheith..báite sa teanga
nó cinéailín an teanga a bheith thart timpeall ort.
Ach, do dhaoine nach bhfuil sé de chumas acu a obair dul chun na Spáinne - ar feadh trí mhí, nó dul thuas chun na Gaeltachta fiú, ar feadh trí mhí?
céard é an bealach is fearr dóibh sin má tá siad ag iarraidh teanga a fhoghlaim?
Bhuel, d’fhoghlaim (mé) an chuid is mó de mo Phortaingéilis sa Fhrainc.
Beidh mise ag dul gotír, agus beidh sé an tír mí-cheart chun an teanga sin a fhoghlaim.
Sin mó mhisean nua, agus (thosaigh mé) tosóidh mé i gceann trí seachtaine. .
Ach ba mhaith liom a thaispeáint is féidir,
agus beidh mé ag caint teanga –teanga amháin- agus mise i dtír eile.
So, beidh tú ar nós ag dul chun na Spáinne chun an tSínis a fhoghlaim?
Nó dul chun na Fraince chun Gearmáinis a fhoghlaim nó rud éigin mar sin?
Rud éigin mar sin!
Tá Gaeilge i gach áit, i ngach áit. Mar shampla- anois tá t-léine agam “Labhair Gaeilge Liom”
agus anseo i mBleá Claith (Baile Átha Cliath) chuaigh mé isteach in...i caifé, agus thosaigh an cailín ag labhairt Gaeilge liom.
Agus nuair a bhí mé i mBaile an Chabháin, thosaigh siad ag labhairt Gaeilge liom.
So, níl a fhios ag a lán daoine “an féidir liom Gaeilge a úsáid sa tír seo”,
agus ceaptar “caithfidh mé dul go dtí an Ghaeltacht”.
Ní...cinnte tá is... is breá liom an Ghaeltacht- bhí mise i nDún na nGall,
Ach ní chaithfidh tú dul go dtí an Ghaeltacht –
tá Gaeilge i ngach áit, agus tá teangacha eile i ngach áit.
Cinnte, cinnte. So is féidir teanga ar bith a fhoghlaim áit ar bith?
Bhuel míle buíochas as ucht a bheith linn Benny, agus go n-éirí leat leis na teangacha ar fad,
agus beimid ag coinnéail súil ar an blag agat.
Agus ba mhaith liom, anois ba mhaith liom ceist a chur ort. Cinnte. 0:04:50.100,0:05:02.160 An..an chuid is mó de mo léitheoirí sin Meiriceánaigh, agus ceapann siad go bhfuil Gaeilge
níl sé ach teanga a úsáideann na sean-daoine i sráidbhaile, agus is teanga marbh é.
Agus cad a déarfá faoi sin?
Bheul, tá tú san áit cheart ar aon chaoi!
Seo Raidió na Life agus is stáisiún pobail é i lár Bhleá Cliath (sé sin Baile Átha Cliath)
agus tá an oiread sin daoine óga ag baint úsáid as an nGaeilge, ag craoladh trí Ghaeilge,
ag labhairt lena chéile trí Ghaeilge. Agus is stáisiún pobail é mar a dúras,
agus is oibrithe deonacha iad a uilig, An-chuid acu ní cainteoirí dúchasacha iad.
d’fhoghlainn siad Gaeilge ar scoil agus a leithéid, agus ní hamháin go gcruthaíonn an stáisiún seo pobal dóibh siúd
ag éisteacht leis an stáisiún, ach cruthaíonn sé pobal taobh istigh den stáisiún
sa chaoi go bhfuil aithne againn ar fad ar a shaol, agus go bhfuil muide in ann ansin an teanga a úsáid.
Agus uaireanta bíonn sé deacair agus tú ag iarraidh (labhairt) Gaeilge a labhairt le daoine
nuair nach bhfuil tú sa Ghaeltacht, tá sé deacair uaireanta teacht ar dhaoine,
ach nuair atá áiteanna den tsaghas seo ann,
tá sé fíor-éasca – do dhaoine óga ach go háirithe– teacht ar dhaoine eile óga le Gaeilge, leis an teanga a labhairt leo.
An úsáideann tú , nuair atá tú amuigh, nach bhfuil tú ar an raidió, an úsáideann tú a lán Gaeilge?
Bíonn roinnt mhaith deiseanna agam de bharr - chuaigh mise chun na hOllscoile trí Ghaeilge thiar i gConamara
Acadamh na hOllscoileachta Gaeilge
agus de bharr sin roinnt mhaith de na cairde agam, tá Gaeilge acu.
É sin ráite, go minic fillimid ar an mBéarla ag brath ar an chomhluadar atá againn le daoine atá thart timpeall orainn,
mar uaireanta bíonn siad cineáilín droch-bhéascach a bheith ag labhairt i nGaeilge le duine amháin,
bhfuil Gaeilge ag an duine atá in aice leat. Tá sé....ceapann siad go bhfuil... tú ag cogarnáil fúthu, nó cibé rud.
Ach, nuair a tháimse ag labhairt..tá..chuaigh mo chlann ar fad go Gaelscoil don mheánscoil,
so nuair a bhímse ag labhairt leo sin is i nGaeilge go minic a bhímse ag labhairt,
agus ag an mbaile le mo dheartháireacha agus a leithéid. Nuair a bhímse amuigh le daoine, de bharr go mbímse ag obair trí Ghaeilge,
is gnáth lá oibre agam féin, bímse ag caitheamh níos mó ná leath an lá agamsa trí Ghaeilge.
Agus de bharr sin, bímse ag labhairt Gaeilge níos mó ná a bhímse ag labhairt Béarla.
Now, is eisceacht é sin den chuid is mó, ní bhíonn an deis sin ag daoine,
agus tá an t-ádh liomsa go bhfuil an deis (agam)- tá sé go hiontach ar fad. Em, ach braitheann sé is dócha ar na daoine atá thart timpeall ort,
agus tá an ceart agat- tá sé deacair go minic teacht ar dhaoine le Gaeilge a labhairt leo.
Agus oibríonn rudaí ar nós an t-léine sin, agus tá an fáinne óir sin ag daoine chomh maith le rá go bhfuil Gaeilge acu.
Ach ní bhíonn sé á chaitheamh ag chuile duine, agus ní bhíonn daoine á chaitheamh gach aon lá, amuigh ar an tsráid acu.
So, tá sé deacair teacht ar dhaoine uaireanta le Gaeilge,
, agus cabhraíonn rudaí ar nós Facebook agus a leithéid, nuair a fheiceann tú go bhfuil teanga ar leith ag na daoine- tá sé cineáilín
le rudaí ar nós Facebook agus ar an Idirlíon i gcoitinne tá sé i bhfad níos fusa a rá “Is Gaeilgeoir mé!!”,
agus tá sé nach mór scríofa ar do chloigeann agat, mar go bhfuil sé scríofa ar do leathanach agat.
Bhuel, is maith an rud é go bhfuil t-léine á chaitheamh agatsa, agus gur éirigh leatsa labhairt le daoine amuigh sa chathair,
rud nach n-éiríonn liomsa a dhéanamh go rímhinic ach amháín le daoine go bhfuil aithne agam orthu.
Is féidir an stáisiún seo a fheiscint ar an Idirlíon...Cinnte.Agus tá...is féidir leat TG4 (TG ceathar) a fheiceáil ar an Idirlíon...
Cinnte. Agus tá...is féidir leat TG4 (TG ceathar) a fheiceáil ar an Idirlíon...Cinnte.
Sin an fhadhb a raibh ann nuair a bhí mé ag smaoineamh faoin Ghaeilge (nGaeilge), cheap mé gur teanga marbh é.
Ach, ní raibh Spongebob Squarepants as Gaeilge ar an teilifís.
Ach Inniu tá! Tá sé!
Tá, agus tá athruithe ollmhór tagtha ar an dteanga de bharr na teicneolaíochta ach go háirithe.
Má bhreathnaíonn tú ar rudaí ar nós an stáisiún seo, go bhfuilimid ag craoladh ar líne- ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ar fáil ar fud na cruinne.
Tá...bíonn podchraoltaí á chrochadh againn féin den chlár againn féin.
Agus de bharr sin, bhí daoine i dteagmháil linn ó Mheiriceá
agus ó thíortha eile ag iarraidh na podchraoltaí sin a íoslódáil.
So, tá an Ghaeilge scaipthe agus éirithe i bhfad níos láidre, agus mionteangacha i gcoitinne atá ag éirithe níos láidre
de bharr na Idirlíne.Agus go bhfuil sé sin ag déanamh rudaí i bhfad níos fusa do dhaoine, teangacha a fhoighlaim.
Fiú amháin má tá siad ag iarraidh teanga a fhoghlaim ar líne, agus labhairt le daoine.
Féadann tú a bheith thall i dTexas, agus bheith ag labhairt le duine éigin i gConamara ar Skype agus a leithéid
de bharr na h-Idirlíne, agus go cuidíonn sé sin go mór le neartú na teanga
agus le tacú leis an gcumas ag daoine í a fhoghlaim, agus í a úsáid.
Do dhuine ar bith atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, mar atá léirithe ag Benny, níl sé chomh deacair sin.
Agus ‘sé (is é) an rud is mó go gcaithfidh tú díriú isteach air, ná nach teanga marbh í,
nach teanga díreach scríofa í agus gur teanga í...atá....daoine á úsáid go rialta
agus go bhfuil rudaí ar nós Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, TG4 ar fáil...ar fud an domhain.
Agus gur féidir leas a bhaint astu, leas a baint as an Ghaeilge áit ar bith. Agus go bhfuil sé éasca a dhóthain mar theanga í a fhoghlaim
Tá a fhios agam go bhfuil sé sin..easca domsa le rá, de bharr go bhfuil sí agam agus go bhfuil mé in ann í a labhairt.
Ach do dhaoine atá iarraidh í a labhairt ní gá ach - tá sé feicthe againn le Des Bishop agus le Bernard Dunne, agus leat féin,
go bhfuil sé i bhfad níos fusa í a fhoghlaim, agus nach dtógann sé an ocht mbliain déag (18) nó an cúig mbliana déag.
atá caite agat ar scoil.
Len í a fhoghlaim, go bhfuil sé..go bhféadfá é a dhéanamh taobh istigh de cúpla seachtaine, nó cúpla mí, agus go mbeifeá in ann í a labhairt, teanga dúchais na hÉireann a bheith agat
Sin é Sin é. Ok- go raibh míle maith agat!Go raibh maith agatsa! Agus chífidh mé níos deanaí sibh.
Slán.