Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tosaíocht is ea é don Eoraip, le blianta beaga anuas, réiteach
cruthaitheach a fháil ar cheisteanna fuinnimh
agus foirgnimh atá éifeachtúil ar fhuinneamh.
Inniu, is féidir teicnící neamh- thruaillitheacha simplí a úsáid go tapa.
San fhoirgneamh seo i Málta, tá múnla tástála
de chóras optach a forbraíodh mar chuid den
tionscadal Eorpach DiGeSPo atá á mhaoiniú ag an AE.
Úsáideann sé dianteicneolaíocht na gréine
le teas agus leictreachas a dhéanamh.
Úsáidtear scatháin agus córas rianaithe le ga na gréine a dhíriú
ar ghlacadóir ina bhfuil leacht aistrithe teasa.
“Tá súil ag an AE laghdú 20% a dhéanamh in
ídiú fuinnimh bliantúil faoi 2020.
Tá DiGeSPo ag tacú leis an gcuspóir sin
trí theicneolaíocht nua gréine a fhorbairt.”
Tá súil le borradh mór faoin dianchumhacht gréine
sna blianta beaga amach romhainn.
Forbrófar tionscal iomaíoch agus comhpháirtíochtaí AE.
“Tá tuairim is 160 milliún foirgneamh san Eoraip.
Is dúshlán speisialta é éifeachtúlacht fuinnimh agus feabhsúcháin
a dhéanamh sna foirgnimh sin.”
Is tithe agus foirgnimh a ídíonn 40% d'fhuinneamh an AE.
De bharr DiGeSPo agus mionchórais chumhachta gréine
beidh tithe agus foirgnimh in ann a leictreachas
féin a ghiniúint agus ceanglais teasa agus fuaraithe a chomhlíonadh.
“Deis iontach atá i dtionscadal DiGeSPo
acmhainní gréine an oileáin seo agus na Meánmhara a úsáid,
ach deis atá ann dúinn eolas a fhaightear de ghnáth
ó mhór-roinn na hEorpa, agus taighde ar
chumhacht na gréine, a thabhairt chuig
réigiún na Meánmhara.
Níl ann fós ach tús…”
De réir mar a fhásann an tomhaltas fuinnimh,
beidh an comheagras Eorpach de thionscadal DiGeSPo
ag iarraidh bheith páirteach sa réiteach.