Tip:
Highlight text to annotate it
X
Caithimid go léir droim a thabhairt le huafáis an ama a chuaigh thart.
Caithimid aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.
Caithimid Stáit Aontaithe na hEorpa de chineál a chruthú.
Tugtar misean dúinn ar bhealach agus Duais Nobel na Síochána á bhronnadh orainn,
misean chun an tsíocháin a scaipeadh, tuairim na síochána, cibé áit is féidir.
Níor cruthaíodh an Eoraip. Sin an fáth ar bhris an cogadh amach.
Ní chruthófar an Eoraip le haon iarracht amháin.
Cruthófar í trí éachtaí nithiúla.
Go pearsanta, chuirfeadh sé as go mór dom dá ndéanfaí damáiste don Eoraip
sna linne cinniúnacha seo.
Tá fadhbanna againn ach fós fanaimid le chéile mar go bhfuil fiúntas iontach ag baint leis an Eoraip.
Sin é luach a chuirimse ar an duais seo.
Cén fáth ar theastaigh uainn an Eoraip a chruthú i ndáiríre
díreach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda?
Bhí tíortha ag troid in aghaidh a chéile le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda,
bhí coimhlintí brúidiúla míleata ann, ach ní fhéadfadh a leithéid tarlú sa lá atá inniu ann.
Níorbh fhéidir liomsa urchar a scaoileadh in aghaidh cara liom ón Ghearmáin nó ón Fhrainc.
Ní fhéadfainn sin a dhéanamh.
An chéad cómhargadh seo,
na céad institiúidí fornáisiúnta
ciallaíonn siad go bhfuil tús curtha le haontú na hEorpa
Feidhmíonn Duais Nobel na Síochána seo mar fhachtóir aontaithe
tráth nuair a d'fhéadfaí gur "cogadh eacnamaíoch" a bheith i gceist leis an ngeilleagar.
Féach siar ar feadh nóiméid!
Fiafraigh cén chuma a bhí ar an Eoraip caoga bliain ó shin?
Tá brú suntasach curtha ar an dlúthphártíocht faoi láthair
ach is fíor gur b'fhiú dúinn a chuimhneamh,
murab ionann lenár dtuismitheoirí agus ár seantuismitheoirí, nach bhfuil taithí ar bith againne ar chogadh.
Is go díreach le hEoraip láidir agus aontaithe
ar féidir rath a bheidh ar mhuintir na hEorpa agus na cruinne.
Ón uair ar tháinig an Balla anuas, braithim sa deireadh go bhfuilim ag maireachtáil sa ré cheart,
mar ba chéim i dtreo tréimhse diúltaí í tógáil an Bhalla.
Fáilte romhaibh chuig ár gclann.
Tá ár nEoraip nua tagtha.
Níor cruthaíodh an Eoraip dúinne amháin ach do gach tír Eorpach.
Tá sé go hiontach fáilte a chur roimh na tíortha seo, táimid in ann labhairt ónár gcroíthe.
Is féidir linn gnáthshaoil a bheith againn, ní gá dúinn eagla a bheith orainn roimh aon rud.
Is féidir linn aithne a chur ar an gcuid eile den domhan
1 Bealtaine 2004,
Bhí mise i measc na ndaoine sin ar tháinig na deora leo
ós rud é gur nóiméad fíorshiombalach a bhí ann.
Muid ag pilleadh go pobal na náisiún,
pobal ina raibh ar an bPolainn a háit féin a bhaint amach.
Táimse fíorbhródiúil as an duais seo agus ba mhaith liom dá mbraithfeadh gach duine óg,
ní hamháin an t-aos óg, ach gach duine sa Pholainn
chomh bródúil céanna agus a bhraithimse.
Tá mé tríocha bliain d'aois agus, i m'óige, tháinig mé slán as an gcogadh seo.
Níor thug mé cuairt ar an Eoraip riamh
agus ba mhaith liom cuairt a thabhairt uirthi agus bheith i mo shaoránach Eorpach.
Ba mhaith liom a fheiceáil mar a mhaireann na daoine ansin.
Bheadh sin go hiontach.
Inniu, is féidir linn
teachtaireacht shoiléir a thabhairt do na Balcáin Thiar:
beidh siad mar chuid d'ár gclann.
Bhí mé an-óg nuair a cailleadh mo mháthair le linn an chogaidh
Ní dhéanann tú dearmad de rudaí áirithe go deo ach caithfimid breathnú ar aghaidh,
mar gheall ar ár bpáistí mar gheall ar Bhoisnia agus an Heirseagaivéine
mar gheall ar thodhchaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine
Ní chuirfear i gcuimhne a dhóthain dúinn go deo
gur réabhlóid í an tsíocháin seo
atá fréamhaithe go domhain,
i gcomparáid le stair
na síorchoimhlintí drámatúla agus fuilteacha
Ní fhéadfaidh mé a rá ach...
lean ar aghaidh leis an gcomhrac ar bhealach síochánta
chun go mbeidh an Eoraip i gcónaí aontaithe.
Tá mo chroí istigh san Eoraip.
Bronntar Duais Nobel na Síochána® 2012 ar an Aontas Eorpach.
"Chuidigh an tAontas agus a chuid réamhtheachtairí leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas,
leis an daonlathas agus le cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip le níos mó ná seasca bliain anois."
- Coiste Nobel na hIorua -