Tip:
Highlight text to annotate it
X
Athbhliain shona daoibh go léir.
Saol corrach í seo don Eoraip agus is furasta dóchas a chailliúint. Ach feicimse a lán deiseanna
-- más eol dúinn conas breith orthu. Leagaim amach m'aisling don Eoraip:
mór-roinn atá idirnasctha, oscailte agus slán.
Ar dtús, ní mór don Eoraip bheith idirnasctha. Mar a mbeidh leathanbhanda tapa ag Eorpaigh sa bhaile,
san obair, nó pé áit ina mbíonn siad ag fánaíocht. Agus líonraí tapa, forleatacha acu idir shocair, shoghluaisteagus WiFi.
Agus earnáil láidir aici, atá in ann infheistiú agus nuálaíocht a dhéanamh agus fóirithint ar dhaonra dinimiciúil, éilitheach,
gan teorainn ná bac uirthi. Ní trí ardtáillí a ghearradh as fánaíocht nó glaonna thar teorainn,
a bheidh rath faoi dheoidh ar Telcos , ach trí chothromaíocht, cáilíocht, seirbhís gan cháim,
agus na tairiscintí nuálaíocha is mian le daoine a sholáthar.
Sa dara háit, ní mór don Eoraip bheith ar oscailt. Toisc nach go dtí sin a scaoilfear acmhainneacht iomlán an Idirlín.
Bainfidh rialacha nua AE an glas de bhuntáistí sonraí poiblí oscailte
-- rud a chinnteoidh trédhearcacht agus nuálaíocht, ar mhargadh ar fiú na deicheanna billiún euro sa bhliain é.
Faoina chéad chlár maoiniúcháin eile, beidh rochtain oscailte ar gach foilseachán eolaíochta de chuid an AE.
-- rud a chuideoidh le heolaithe, saoránaigh agus an tsochaí.
Agus is mian liom go ráthófar do gach Eorpach, den chéad uair riamh, rochtain oscailte ar an Idirlíon,
gan bac míchothrom ó oibreoirí ar aipeanna nó ar sheirbhísí iomaíocha.
Agus, sa tríú háit, ní mór don Eoraip bheith slán. I mbliana bhain nochtadh na spiaireachta ar líne siar asainn:
scéal coscrach agus doghlactha. Ach ní leor éigneach: ní mór dúinn gníomhú.
Measaim gurb í an spiaireacht an dara gairm is sine ar domhan - agus ní stopfaimid í trí
ghearáin amháin, ná trí reachtaíocht a fhágfaidh mídhleathach í.
Mar sin, ná bímis saonta: cosnaímis sinn féin, agus cothaímis muinín arís.
Agus seirbhísí néalríomhaireachta á gceannach agat, ba cheart gurbh eol duit cad a tharlóidh do do shonraí:
cé a bhfuil rochtain aige orthu, cén fáth, agus an bhféadfaí iad a chur amach ón AE.
Nuair a thugann tú do shonraí do dhaoine eile -- rialtais nó lucht an bhonneagair chriticiúil --
ba cheart gurbh eol duit go bhfuil ceangal dlí orthu cíbear-rioscaí a bhainistiú agus athléimneacht an chórais a chosaint.
Agus sin a dhéanfadh na dlíthe nua atá beartaithe ag an AE. Agus nuair is mian leat tú féin a chosaint,
ba cheart go gcosnódh nuálaíochtaí ó mhargadh Eorpach beoga thú.
Níl anseo ach rud amháin a thiocfaidh ó chlár taighde agus nuálaíochta an AE.
Is iomaí rud atá neamhchinnte faoin aimsir romhainn. Ach is léir dom gur ar líne a bheidh ár dtodhchaí.
I gcás iliomad réimsí den saol. Má tá ceannaireacht Eorpach, iomaíochas Eorpach, uainn,
nó todhchaí gheal Eorpach - in AON réimse – is gá mór-roinn atá réidh don aois dhigiteach.
Agus sin í m'aisling don Eoraip.
Tá ról tábhachtach, méadaitheach na nithe digiteacha inár ngeilleagar aitheanta ag ceannairí na hEorpa.
Agus thacaigh siad lenár bpleananna na bacainní atá sa tslí orainn a dhíbirt.
B'fhéidir gur in 2014 a thiocfaidh FPEanna airí náisiúnta ar chomhaontú an méid sin a dhéanamh.
Mór-roinn idirnasctha a chruthú. Líonraí agus córais shlána, athléimneacha a chinntiú.
Oiriúnú do thairbhe ré oscailte nua. Blocáil mhíchothrom ar sheirbhísí ar líne a chosc.
Agus fomhuirir fánaíochta san Eoraip a fhágáil san am atá caite.
Tá súil agam go ngeallfaidh siad é sin a dhéanamh. B'iontach an rún athbhliana é sin.