Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tionchar atá ag Athrú Aeráide ar an Domhan
Mura gcoimeádaimid srian ar CO²...
..sroichfidh teocht an domhain leibhéal an-ard.
Ní bheidh daoine ábalta aon rud a dhéanamh faoi.
Glaoitear an iarmhairt cheaptha teasa air seo agus tá comharthaí ann dó.
Braithfidh daoine teochtaí sa chéad seo nár bhraith siad roimhe seo.
An t-aon uair a raibh an domhan níos teo roimhe seo...
..ná 125,000 bliain ó shin.
Tá a fhios againn gur féidir leis tarlú.
Go bhféadfadh an domhan éirí níos teo.
Dhírigh an taighde eolaíochta i 2007 ar réimsí lasmuigh de shamhlacha...
..maidir le hathrú aeráide a bhí ann roimhe seo.
Léiríonn sé seo go bhfuil breis gáis cheaptha teasa á gcur amach...
..san atmásféar mar gheall ar an oighear Artach a bheith ag leá,...
..ar aigéadú na n-aigéan, leagadh na bhforaoisí báistí...
..agus talamh síorshioctha atá ag leá.
Má tá tú ag iarraidh an tionchar atá ag athrú aeráide a fheiceáil...
..ba chóir dul go dtí an tArtach, áit a bhfuil sé le feiceáil.
De réir mar a chúlaíonn an t-oighear tarlaíonn aischothú dearfach...
..toisc go mbíonn na farraigí níos fuaire.
Ní bhíonn an oiread frithchaithimh ar na hoighearchúlaithe.
Súnn an t-aigéan an fuinneamh go léir a thagann ón ngrian.
Iompaítear an fuinneamh go teas.
Le linn shamhradh an Artaigh 2007 thit an méid oighir...
..20 faoin gcéad faoin taifead is ísle a bhí ann roimhe sin i 2005.
Tá na nithe a tharla i 2007 lasmuigh de réimse na samhlacha.
Tugann sé seo le fios go bhfuil ag éirí leis an aischothú dearfach.
Tá amhras ann faoin ráta a bhfuil talamh síorshioctha ag leá.
Is éard atá ann ná portach móna ollmhór reoite...
..a bhfuil na billiúin tonna de ghás ceaptha teasa ann.
Tá sé ag leá don chéad uair riamh.
Tá an talamh síorshioctha ag leá.
Tá athrú mór ag tarlú.
Ní thugann an eolaíocht aon mhíniú ar an ábhar.
Tá a fhios againn go bhfuil a lán carbóin sa talamh síorshioctha.
Tá sé ann le fada.
Tá cuid de i bhfoirm meatáin, gás atá an-chumhachtach.
Má scaoiltear na gáis seo, laghdóidh an méid ama a bheidh againn...
..rud éigin a dhéanamh faoi.
Tá méid mhór charbóin san aigéan freisin.
Tá sé ag sú CO².
Tá comharthaí ann go bhfuil an córas ag lagú.
Tá sé níos aigéadaí.
Ag marú a bhfuil sa bhfarraige agus ag athrú comhdhéanamh na farraige.
Tá athrú mór ceimiceach ag tarlú.
Tá sé ag athrú ar shlí nach bhfacamar le fada an lá.
Tá ceimic na farraige i bhfolach orainn.
Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na foraoisí báistí atá á scriosadh...
..ar bhonn laethúil.
Maidir leis na Tropaicí...
..is cúis imní a bhfuil tuartha fúthu.
Má thriomaíonn an Amasóin amach,...
..mar a thugann samhlacha áirithe le fios,...
..ní bheidh na foraoisí báistí inbhuanaithe.
Sa cheantar a bhfuil sí faoi láthair.
Tá sí i mbaol mór.
Mura bhfuilimid fiú cinnte...
..go mairfidh an Amasóin...
..an fiú dul sa seans?
D'fhéadfadh baol níos mó a bheith ag baint leis.
Tá an méid atá ar eolas againn sách dona.
Tá moill orainn beart a dhéanamh...
..mar go nglacaimid leis gur linne an domhan.
Tá an tuiscint ag méadú go hidirnáisiúnta...
..nach féidir linn leanúint orainn mar atáimid.
Caithfimid bealaí a aimsiú chun beart a dhéanamh.
Táimid tar éis leath den ola agus de ghás an domhain a úsáid.
Ní smaoineamh maith é an chuid eile a úsáid ag an ráta céanna.
Chun drochthubaiste a sheachaint...
..ní mór dúinn ár n-astuithe a laghdú go mear.
Nósanna a athrú maidir le bheith ag brath ar ola.
An bhféadfaí é sin a dhéanamh anois?
Is ceist threascrach í.
Tá an cuma air go bhfuil an t-athrú aeráide ródheacair le láimhseáil.
Tá sé éasca an cheist a shéanadh.
Ní sa todhchaí a tharlóidh an t-athrú aeráide. Tá sé ag tarlú anois.
Beidh stoirmeacha agus triomaigh againn sa tír seo.
Ach sa Tríú Domhan, is ionann an t-athrú aeráide...
..agus teip ar bharraí, gorta, tuilte, inimirce eacnamaíoch...
..agus campaí dídeanaithe.
Ceist í an t-athrú aeráide a bhaineann le caighdeáin saoil.
Ceist cearta daonna í anois.
An domhan forbraíochta atá síos leis mar gheall orainne.
Tá cioclóin mhillteacha feicthe againn san Chianoirthear.
Fuair na mílte bás san Bhanglaidéis an tSamhain seo caite.
Níor scríobhadh an oiread sin faoi sna páipéir.
Da mba rud é go bhfuair na mílte Meiriceánach bás...
..bheadh aird na nuachtán agus na meáin dírithe air.
Tá míchothromaíocht ann.
Idir na daoine bochta leochaileacha...
..agus muintir an domhain shaibhir a bhfuil airgead acu...
..chun athrú aeráide a mhaolú.
Ceist mhór a bheidh ann amach anseo.
Tá an cheist eolaíochta ag éirí an-spéisiúil.
Ceist mhór fhuinniúil atá ann.
Tá plé á dhéanamh ar cheisteanna polasaí freisin.
Tá sé seo an-soiléir ar fad.
Tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine...
..a bhfuil bearta polasaithe á bplé acu.
Níor chóir dúinn glacadh leis go bhfuil sé ró-dhéanach gníomhú.
Tuigtear go bhfuil athrú aeráide ann nach féidir a sheachaint.
Ní mór straitéis a chur i bhfeidhm chun na hathruithe sin a bhainistiú..
..chun nach dtarlóidh eachtra nach féidir a bhainistiú.
Má ligtear don teocht ardú an iomarca...
..agus má scaoiltear an iomarca gáis cheaptha teasa san atmásféar...
..bheadh imní orm nach mbeimis ábalta sin a láimhseáil.
Is éard a bheadh fágtha ná...
..domhan nach mbeadh sé d'acmhainn aige...
..freastal ar an daonra atá air faoi láthair.
Tá go leor á dhéanamh ag daoine chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tá sé seo ar fheabhas.
Tá siad ag cruthú dea-shampla.
Ag léiriú go bhfuil tionchar dearfach ag baint...
..lena bhfuil ar bun acu.
Níl sé ceart...
..go mbeadh daoine ag déanamh an iarrachta seo...
..nuair nach bhfuil daoine eile ag déanamh tada.
Tá siad ag baint úsáid as an atmaisféar saor in aisce...
..ar nós gur leo féin é.
Dúshlán mór atá ann dúinn.
Is féidir linn nithe deasa a rá go héasca.
A bheith go deas le muintir na hAfraice.
Cothromas idir tíortha áirithe.
Todhchaí inbhuanaithe dár bpáistí.
Dúshlán mór a bheidh ann airgead a chaitheamh ar athrú aeráide.
Tá an cheist eolaíochta thart le fada.
Cuirtear tús go dáiríre anois leis an gceist phoiblí.
Tá a lán le déanamh chun an pobal a chur i mbun gnímh.
Tá a bhfuil ar eolas again faoin ábhar seo ag athrú an t-am ar fad.
Spriocanna seasta ag athrú.
Agus 2008 ag druidim linn...
..ba chóir dúinn a bheith ag súil le haimsir níos antoiscí.
Ba chóir deireadh a chur leis an gcaint agus tús le gníomh.
Neosfaidh an aimsir an mbeimid ábalta é seo a dhéanamh.
Ach níl mórán ama againn.
Cé go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm...
..nílimid ag dul i ngleic leis an ábhar.
Tá daoine ann nach dtugann aird ar fhadbanna a bheidh ann sa todhchaí.
Tá easpa suime acu san ábhar agus is trua é sin.
Tá sé ródhéanach rud a dhéanamh faoi.
Ba chóir dúinn dul i ngleic leis na blianta ó shin.
Tá níos mó daoine dírithe ar airgead a shábháil faoi láthair.
Ní dóigh liom go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí.
Bíonn an cheist seo á plé ar fud an domhain.
Tá imní orm faoi thuilte.
Faoi thodhchaí mo pháistí.
Faoin teocht ag ardú.
Tinte.
Bíonn níos mó tinte foraoisí ann gach bliain.
Tá imní orm faoin aimsir antoisceach.
Tá tuiscint níos mó ag daoine ar an lorg carbóin atá acu.
Ar bhia agus a leithéid.
Ach tá tuilleadh le déanamh.
Tar éis an chruinnithe i mBali i mí na Nollag...
..agus an tiomantas atá ann chun teacht ar réitigh...
..is léir nach féidir le haon tír...
..neamhaird a dhéanamh ar an ábhar seo a thuilleadh.