Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tionchar atá ag Athrú Aeráide go háitiúil- Baile Átha Cliath a chosaint ó thuilte
Tharla tuilte uafásacha in Éirinn le blianta beaga anuas...
..a raibh tionchar acu ar na mílte duine...
..agus a rinne na mílte euro damáiste.
Is beag áit in Éirinn nach dtarlaíonn tuilte.
Chas mé le Ray McGrath ón Ionad Náisiúnta Aimsire...
..chun fáil amach cén tionchar atá acu ar Éirinn.
A Ray, tá athrú mór ar an aimsir le roinnt blianta?
Tá méadú mór ar an méid báistí atá ag titim in Éirinn.
Dílí báistí atá i gceist? Cén pátrún atá ann go díreach?
Tá dílí ag tarlú níos minicí.
Tá athrú ar chúrsaí farraige freisin.
An t-athrú is mó go bhfuil teocht na farraige ag ardú.
Dá bhrí sin tá breis taise san atmaisféar.
Agus mar sin d'fhéadfadh an aimsir fáil níos athraithí fós.
Mar thoradh air sin d'fhéadfadh tuilte tarlú.
Tá an baol ann go dtarlódh nithe gan choinne ar an gcósta thoir.
Bíonn taoidí níos airde ná mar is gnách...
..ag cruthú na gcoinníollacha cearta do stoirmeacha ollmhóra.
Mar a tharla i 2002.
Tarraingítear aníos dromhchla na farraige...
..is má bhíonn gaoth ann a shéideann an fharraige i dtreo an chósta...
..sin é is cúis leis an mborradh.
Má tharlaíonn sé go mbíonn an taoide ard ag an am céanna...
..bíonn cúrsaí níos measa fós.
De réir taighde atá déanta againn i Met Éireann,...
...ar athrú aeráide, tarlóidh na nithe seo níos minicí amach anseo.
Tá muintir Bhaile Átha Cliath ag fáil an chuid is measa den aimsir...
..le fada an lá.
200 bliain ó shin, ba inbhear é Baile Átha Cliath...
..a raibh talamh riascach ar gach aon taobh de.
Fadó, ghabh muid talamh ón bhfarraige...
..ach is fíor annamh a tharlaíodh stoirmeacha an t-am sin.
Ach ní mar sin atá anois.
Ba dhrochbhliain a bhí ann dóibh siúd sa bPort Thoir i 2002.
Tá imní orthu faoi stoirmeacha ó shin.
Ba ón bhfarraige is mó a tháinig sé ach tháinig roinnt ón gcanál freisin.
Tháinig sé aníos an Life, suas an chanáil.
Nuair a d'ardaigh an chanáil, chuaigh sí thar maoil.
Chuirfeadh sé faitíos ort ag siúl thart ann.
Ach ba mheasa duit na seandaoine a fheiceáil. Bhí drochbhail orthu.
Puiteach 5 troigh suas ar na ballaí. Bhí sé uafásach.
Ghlac sé 7 mí orainn dul ar ais sa teach.
Ballaí, troscán, gach rud. Bhí gach rud millte.
Bhí níos mó i gceist ná an áit a thriomú.
Bhí gach rud scriosta.
Tá breis is E6m caite ar obair chosanta.
Agus tá córais rabhaidh curtha ag obair le háitritheoirí...
..a chur ar an airdeall.
Tá roinnt oibre déanta.
Tá monatóir sa gcuan a chuirfidh ar an airdeall muid...
..faoi chúrsaí farraige.
Agus córas le doimhneacht sa dá abhainn a fhógairt.
An Tulcha agus An Life.
Ar a laghad beidh a fhios againn roimh ré...
..má bhíonn rud éigin le tarlú.
Tá plean éigeandála ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Tá go leor oibrithe deonacha sa cheantar.
Tá an séipeal leagtha amach sa chás is dá dtarlódh tada...
..go mbeimis ábalta daoine a thabhairt ansin.
Seandaoine agus daoine easlána ach go háirithe...
..a chaithfí a thabhairt amach go tapa.
Tá athrú ag teacht agus mar sin caithfimid athmhachnamh...
..a dhéanamh ar gach straitéis.
Thaispeáin Mark Adamson ón OPW dom an chosaint á cur suas...
..i gcoinne tuilte san Rinn ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Seo obair chosanta atá á dhéanamh in aghaidh tuilte.
Mar a tharla anseo i Feabhra 2002.
Céard a tharla?
De réir mar a d'ardaigh leibhéal na farraige...
..d'ardaigh an abhainn agus bhris sí a bruacha.
Tá an balla a bhfuilimid ligthe anuas air ann chun na tuilte sin a chosc.
Bhí na tithe seo uilig anseo faoi uisce i 2002?
Bhí.
Céard go díreach atá siad a dhéanamh?
Tá siad ag tógáil balla cosanta chun cosaint a thabhairt...
..in aghaidh taoidí arda.
Cén cineál oibre a bheidh le déanamh againn...
..amach anseo le muid féin a chosaint in aghaidh tuilte.
Leanfaimid le scéimeanna cosanta mar an ceann seo...
..i gceantair a bhfuil baol mór ag baint leo.
Táimid freisin ag aithint ceantar eile a bheadh i mbaol ó thuillte.
Tá na forbairtí móra atá déanta sna cathracha...
..ag cur i bhfolach a bhfuil ag tarlú faoin talamh.
Faoi na milliúin tonnaí coincréite tá bealaí uisce atá gearrtha amach.
Agus tá aibhneacha agus srutháin curtha ar mhalairt slí againn.
D'inis Tom Leahy dom faoi straitéisí Chomhairle Cathrach BÁC....
..chun an chathair a chosaint amach anseo.
An mbeidh tuilleadh tuilte anseo?
Tá BÁC suite idir 3 mhór-abhainn.
200 bliain ó shin bhí an áit a bhfuilimid ag seasamh...
..faoin bhfarraige.
Tá méadú mór tagtha ar BÁC le blianta anuas.
Tá bealaí uisce athruithe againn.
Tá dúshláin mhóra amach romhainn.
Conas a rachaidh sibh i ngleic leo seo?
Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí aimsire.
Tá an rud a dtugtar dobharthuilte orthu ag tarlú.
Téarma an-teicniúil é sin.
Tá ainm níos fearr ag na hOllanaigh air, díle.
Is éard atá ann ná díle báistí thar tréimhse gearr ama...
..nach mbíonn córais draenála in ann aige.
Sin ceann de na dúshláin a gcaithfimid aghaidh a thabhairt orthu
Tuilte mar atá feicthe againn le cúpla bliain?
Sea, go háirithe i mí Lúnasa agus Meán Fómhair seo caite.
Tharla 3 thuile laistigh de 3 mhí.
Ní tharlaíodh cinn mar seo roimhe seo ach uair gach 150 bliain.
Tá an straitéis nua á forbairt agus á maoiniú i gcomhar...
..le tíortha eile san Eoraip a bhfuil na fadhbanna céanna acu.
Tá an clár 'Flood Resilience Cities Programme'...
..ag leanacht le hobair an chláir 'The Safer Programme'
Féachtar le dhul i ngleic le dílí.
Is féidir linn breathnú ar bhealaí le gluaiseacht uisce a smachtú.
Tá na ceantair is mó atá i gcontúirt aitheanta againn.
Iad sin gar don chósta ar ndóigh.
Má tá a fhios againn go bhfuil baol ard ann ag am ar leith...
..beimid in ann a gcuid acmhainní ar fad a chur ag obair.
An bhriogáid dóiteáin, seirbhísí slándála agus mar sin.
Beimid in ann tithe a chur ar an eolas.
Tá gach duine in ann rud éigin a dhéanamh le tithe a chosaint.
Má tharlaíonn tuile arís beidh an fhoireann seo réidh len aghaidh.
An fhoireann chosanta sibhialta.
Beidh siad mar chúltaca ag an mbriogáid dóiteáin.
D'fhoghlaimíomar go leor faoi na tuilte i 2002.
Ní raibh an trealamh ná an t-éadach ceart againn an t-am sin.
Anois tá.
Tá oiliúint curtha ar an bhfoireann i dtaobh uisce.
Tá oiliúint ar an lucht na mbád ar ndóigh.
Tá go leor oiliúna ar bun le roinnt blianta anuas.
Tá go leor feithiclí faoi thiomáint ceithre roth againn...
..atá an-oiriúnach i gcás tuilte.
Tá bealach le hiad seo a leagan nach bhfuil?
Téann siad os cionn a chéile.
-Coinneoidh sé sin uisce amach? -Coinneoidh.
Cuireann tú líne eile málaí ag íochtar an bhalla málaí.
An faitíos a bhíonn ormsa go dtarlódh díle agus taoide arda in éineacht.
Go dtarlódh tuilte ar an gcósta agus báisteach throm ag an am céanna...
..agus go mbrisfeadh aibhneacha bruacha.
Sin é an rud is measa a d'fhéadfadh tarlú.
Tarlaíonn tuilte ar fud na hÉireann.
Ní féidir iad a chosc go hiomlán.
Ach is féidir linn an dochar a dhéanann siad a laghdú.
Is muid ag lorg réiteach na faidhbe...
..ní mór dúinn féachaint ar cad is cúis le hathrú aeráide.