Tip:
Highlight text to annotate it
X
Tá deireadh anois leis an bplé teilifíse agus tosóimid ar an bplé ar an idirlíon.
Má tá tú ag breathnú air seo is dócha gur ríomhaire nó fón cliste
nó gléas eile atá á úsáid agat. Fanaimis cúpla nóiméad go dtaga
lucht féachana na teilifíse suas linne atá ar líne agus go gcuire an criú
eagar ar na cáblaí agus na ceamaraí i stiúideo an Leas-Uachtaráin Reding.
Ansin cuirfimid tús leis an bplé leis na saoránaigh; tá siad le feiceáil ar an
scáileán thíos, sílim. Tá ceisteanna ullmhaithe acu le cur ar an Leas-Uachtarán.
Cuirfidh siad na ceisteanna sin uirthi gan mhoill. Beidh
10 saoránach linn san iomlán. Sula dtosóidh an Hangout féin
déarfaidh mé libh cad air a mbeimid ag caint.
A leithéidí seo: an chothroime inscne, mar shampla,
mná i saol an ghnó, leatrom san Eoraip, saorghluaiseacht daoine,
saoirse cainte san Eoraip, an AE i saol na nEorpach. Mórcheist le
6 mhí anuas is ea cosaint sonraí agus an príobháideachas ar líne.
Tá ceist againn faoin Úcráin, agus dóibh sin go léir a chaitheann
toitíní leictreonacha deirim gur chualamar bhur nguth ar Twitter!
Ba dheacair gan sibh a chloisteáil! Nach sibh a bhí glórach. Maith sibh!
Tá eagar oraibh agus cíorfaimid na dlíthe conspóideacha
maidir le toitíní leictreonacha. Déanfaidh mé ceisteanna na gcainteoirí
a mheascadh leis na ceisteanna a fuaireamar trí na meáin shóisialta. Táimid fós ag
glacadh le ceisteanna: úsáidigí na haischlibeanna #askreding agus #eudeb8.
Scaoiligí chugainn na ceisteanna agus cuirfimid a oiread díobh a fhéadfaimid
ar an Leas-Uachtarán. Ní gheallaim go bhféadfaimid iad go léir a chur; níl
ár ndóthain ama againn! Ach féachfaimid leis an oiread díobh is féidir a chur uirthi
san am a bheidh againn, .i. uair an chloig. Ba cheart go bhfeicfeadh sibh ochtar de na
daoine sin ag bun an scáileáin. Tá deichniúr ann san iomlán agus beidh beirt eile linn ar ball.
Cúiseanna teicniúla is cúis leis sin; níl spás ar an scáileán ach do 10 bhfuinneog
san aon am amháin. Is mian linn a oiread daoine is féidir a bheith linn.
Táthar a rá liom sa chluasán go bhfuilimid réidh. Ar dtús,
ligfidh mé do na cainteoirí iad féin a chur in aithne.
Tosaímis leatsa, a Daniella. An bhfuil tú ann, a Daniella?
Tá, Dia duit! Abair linn go gasta fút féin.
Táim in Tel Aviv faoi láthair. Is Iosraelach agus is Meiriceánach mé.
Bím i bhfeighil margaíochta i ngnó nuabhunaithe in Iosrael - dírímid ar shonraí iompraíochta.
Ach ní chuige sin atá mé. Is mian liom trácht ar an gcothroime inscne agus
líon na mban ar bhoird stiúrtha gnó. Tá MBA agam ó scoil ghnó INSEAD sa Fhrainc.
Tá cairde agam, mná, a bhí sa choláiste liom agus atá an-tallannach
agus a bhfuil orthu dul i ngleic le leatrom agus le dearcthaí
seanfhaiseanta. Na fir a bhí sa choláiste linn, tá cúrsaí ag éirí níos fearr
leosan; is fearr a oireann saol an ghnó dóibh, is cosúil. Bím ag blagáil go minic
agus scríobhaim tvuíteanna faoi mhná i saol an ghnó. Tá obair déanta agat sa réimse seo
agus faoi chuótaí ar bhoird stiúrtha. Is leis sin a bhaineann mo cheist.
Cothroime inscne an t-ábhar cainte, mar sin. Anois, labhraímis le hEszter. A Eszter,
an gcloiseann tú mé? Cloisim. Go mbeannaí Dia daoibh.
Is mise Eszter Soos. Is as an Ungáir dom. Is saineolaí polaitíochta mé. Táim
29 bliain d'aois. Polaitíocht na Fraince an saineolas atá agam. Bainfidh mo cheisteanna
le polasaithe na Fraince i leith an AE. Is feidearálach Eorpach mé agus tá súil agam go
n-éireoidh linn neart pointí inspéise a phlé. Go raibh míle maith agat, a Eszter. Paul?
Dia daoibh! Is mise Paul Budurca. Is Rómánach mé agus táim ag cur fúm is ag obair
in Éirinn. Táim ag dúil go mór le mo cheisteanna a chur ar an Leas-Uachtarán.
Go raibh maith agat. Ar aghaidh linn go Hugh. An bhfuil Hugh
linn? Ní chloisim Hugh agus níl a fhios agam an bhfeicim é. An Hugh atá agam ann?
Ar aghaidh linn; anois is é...Yves atá againn. Seo mé. Is mise Yves Leroux agus is mise
an duine is sine de na cainteoirí, is cosúil! Francach mé agus oibrím le cúrsaí slándála
agus príobháide sa teicneolaíocht faisnéise. Baineann mo cheisteanna leis an réimse sin -
le cosaint sonraí agus an néalríomhaireacht. Anois, tá Maria linn...
Heileo, is iriseoir agus taigheoir coireolaíochta ón mBulgáir mé.
Is spéis liom go leor de na hábhair chéanna leis na cainteoirí eile: an chothroime inscne,
cosaint sonraí agus an tsaorghluaiseacht san AE faoi láthair.
Éistfidh mé is cuirfidh mé ceisteanna faoi na hábhair sin agus tá an-spéis
agam i dtoradh na cainte. Go raibh maith agat, a Maria.
Anois, is é Jakub atá linn? Is mise Jakub, Seiceach is ea mé,
ach táim sa Fhrainc faoi láthair ag staidéar eolaíocht pholaitiúil. Polaitíocht na Fraince
mo phríomhábhar, ar nós an chainteora eile sin. Ach is spéis liom an pholaitíocht go ginearálta.
Táim ag súil le toghcháin na hEorpa i mbliana agus a dtoradh. Beidh ceisteanna
agam faoi shaoránacht agus tuairimí daoine faoin Eoraip.
Go raibh maith agat, a Jakub. Ba cheart Timur a bheith linn anois? A Timur?
Tráthnóna maith agaibh go léir. Is mór agam bheith libh sa Hangout.
Táim 16. Is as oirdheisceart na hÚcráine mé. Críochnóidh mé an mheánscoil i mbliana.
Táim buartha faoi thodhchaí eacnamaíoch is pholaitiúil mo thíre.
Sin é ábhar mo cheisteanna. Tá go maith. Níl in easnamh anois ach Hugh.
Níl a fhios agam an bhfuil sé ann nó an féidir é a chloisteáil? Níl Hugh linn faoi láthair,
ach is féidir linn tosú ar aon chuma!
A Leas-Uachtaráin Reding, ar mhaith leat beannú do na rannpháirtithe?
Dia daoibh! Táim ag súil le bhur gceisteanna! Bainimis an ceann de seo mar sin -
chugatsa, a Daniella! Heileo! Baineann mo cheist le cothroime inscne;
mná ar bhoird stiúrtha, agus faoina bhfuil á dhéanamh agat faoi. In 2012,
ba léir go raibh tú an-ghníomhach, mheas mé go ndeachaigh tú i gcion go mór
ar phlé na ceiste go ginearálta. In 2013, ní léir dom go raibh tú chomh gníomhach céanna
faoin gceist. Mar sin, braithim go bhfuil an cheist ina stad san Eoraip. Tá fhios agam ó
mo thaithí féin go bhfuil INSEAD i ngrúpa domhanda do mhná atá réidh do bhoird;
mothaím nach bhfuil ann ach grúpa eile ar Linked-in, nach éifeachtaí é ná an méid
is féidir le mná a dhéanamh dóibh féin. An bhfuil aon bhearta nua agat le cuidiú le mná
an bhearna sin a dhúnadh, rud éigin a thiocfaidh in 2014,
rud difriúil a chuideoidh le mná, ar bhoird stiúrtha agus
ar an dréimire corparáideach? Aontaím le caint Daniella ar fad.
Go deimhin, mná atá i 60% de chéimithe ollscoile; ach ansin ní fheictear iad i
saol an ghnó. Ní bhaineann siad an barr amach, cé go bhfuil siad breá réidh dó.
Scéimeanna deonacha a bhí againn ar dtús. Níor oibrigh sin. Ansin mhol mé
dlí Eorpach faoi mhná ar bhoird stiúrtha, lena chur faoi deara do chomhlachtaí tuilleadh
ban a chur ar a mboird. (An leanfaidh mé? Bhí trasnaíl ann, measaim.) Mhol mé an dlí seo.
Vótáil tromlach mór i bParlaimint na hEorpa ar son an dlí seo. Faoi láthair,
táimid á phlé leis na rialtais i gcruinnithe airí chun comhaontú
na rialtas a fháil chomh maith. Idir an dá linn, nílimid ag obair
ar an dlí amháin, ach ar an taobh praiticiúil freisin. Tá míorúiltí déanta ansin!
Nuair a moladh an dlí seo, thosaigh comhlachtaí ag lorg mná cumasacha.
Agus ón uair a moladh an dlí seo, tá na mná féin i mbun eagrúcháin.
Tá ag méadú ar líon na n-eagras ban a chuidíonn leo an barr a bhaint amach; a
léiríonn don saol go bhful mná ann le CVanna láidre, le go mbeidh seans acu i gcorparáidí.
Labhair Daniella faoin tionscnamh faoi mhná atá réidh do bhoird, bhí
ról mór ag a hollscoil, INSEAD, ann. Thosaigh an tionscnamh i scoileanna
gnó sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe; tionscnamh domhanda atá ann anois,
na mílte scoil ghnó ar fud an domhain atá nasctha le chéile ar shuíomh idirghníomhach.
Is féidir le hearcaitheoirí CV na mílte bean a fheiceáil air,
mná atá réidh do bhoird. Mar sin, toisc gur thug an Eoraip aghaidh
ar an bhfadhb, thosaigh gluaiseacht atá ag dul ar fud an domhain. Feicim mná
atá á n-earcú go poist arda. Mná is fir le chéile atá a dhíth.
Ná cuirtear tallan amú a thuilleadh! An féidir ceist ghaolmhar a chur?
Baineann sí le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Níl ach fir air: seisear acu. Tá tréimhsí an-fhada acu. Déanfar an chéad ionadú eile
i gceann 4 bliana, measaim. Is léir nach bhfuil an AE ag déanamh beart de réir a bhriathair.
An dóigh go seasfaidh duine den seisear fear siar, nó an gá fanacht go rachaidh
duine ar scor? Chuardaigh mé an Bord ar líne roimhe seo: tá grianghraf de lucht
bainistíochta uile an BCE, thart ar 20 fear - iad uile geall. Cheapfá gur
pictiúr dubh agus bán ón 19ú haois é. Cad is dóigh leat de sin?
Cad is féidir a dhéanamh faoi? Tá an ceart ar fad agat. Níl
dath ar bith i saol na baincéireachta! Mar sin táim an-sásta a rá leat
go bhfuil rudaí ag bogadh. Tá na chéad mhná ardleibhéil ceaptha. Mar shampla,
Danièle Nouy ón bhFrainc, ina ceannasaí ar bhord maoirseachta an BCE.
Ar bhord an bhainc cheannais freisin, ainmníodh bean ón nGearmáin, bean a
thiocfaidh i gcomharbas ar fhear. Creidim go dtuigeann bainc cheannais
an scéal - tá na chéad mhná ag teacht chun cinn agus guím gach rath orthu
le léiriú go bhfuil mná chomh maith le fir ag gnó na mbanc ceannais.
Go raibh maith agat. Buíochas leat, a Daniella. Ceist ghaolmhar:
ní cothroime inscne, ach cearta na mban. Ó dhuine éigin
ar Twitter, EuroParisienne -- Francach is ea í, seans — ceist aici
ar an Leas-Uachtarán cad a cheapann Páirtí an Phobail Eorpaigh faoin gcéim siar, dar léi,
do chearta na mban sa Spáinn? Tá sí ag úsáid na haischlibe abortion.
Is eol dom go bhfuil plé an-dian faoin reachtaíocht sin sa Spáinn;
bhí plé inniu i bParlaimint na hEorpa faoin gceist sin. Tá ceisteanna faoi ghinmhilleadh
nó ceisteanna gaolmhara, go hiomlán lasmuigh d'inniúlachtaí an AE.
Is cinntí náisiúnta iad, atá le cinneadh ag rialtais náisiúnta agus
ag parlaimintí náisiúnta. Seo linn chuig an dara cainteoir,
sin Eszter. Bhí malairtí tuairimí agat le rialtas
na Fraince faoi na Romaigh sa Fhrainc, is ba mhaith liom an plé sin a leathnú
chuig an leibhéal Eorpach. Go bhfios domsa, bhí ar gach Ballstát straitéisí náisiúnta
a chruthú d'imeascadh na Romach. Tá na straitéisí sin réidh agus rinne an
Coimisiún measúnú orthu 2 bhliain ó shin. Agus cúrsaí mar atá, cad é an dearcadh polaitiúil ar
an measúnú sin? Cad iad na bacainní ar na straitéisí sin? Cad é do mheas air seo,
i bhfianaise an phlé faoi shaorghluaiseacht agus
cearta an duine san Eoraip? Measaim gurb eol do chách
gur fadhb thromchúiseach í fadhb an phobail Romaigh. Tá idir 10 agus 12 milliún díobh
ar saoránaigh den AE iad agus go leor acu beo bocht. Tá siad ag iarraidh a dtír
féin a fhágáil toisc nach bhfuil aon rud ann dóibh. Agus féachaint le dul go tíortha eile.
Mura mbíonn imeascadh sna tíortha sin; mura dtéann na páistí ar scoil; mura réitítear
fadhb thithíochta na n-imirceach ...ansin ní réiteofar an fhadhb
don chéad ghlúin eile ach oiread. Sin an fáth ar ghlac an Coimisiún an cheist
sin ar láimh. Thugamar ar na rialtais uile a straitéisí náisiúnta féin faoi imeascadh
na Romach a réiteach. Tá dualgas ar na rialtais a straitéisí a chur ag obair go
praiticiúil; tosú ar imeascadh na Romach, le hiad a tharraingt as an daibhreas,
le leanaí a chur ar scoil le go mbeidh gnáthshaol ag an gcéad ghlúin eile.
Beidh cruinniú mullaigh faoi na Romaigh i mbliana. Fara rialtais, ionadaithe na Romach,
parlaimintí náisiúnta, feisirí Eorpacha, chun an méid a cinneadh a mheasúnú.
Den chéad uair, chuir an Coimisiún dlí chun tosaigh le comhbhearta a fháil
i ngach Stát ar son an imeasctha seo, agus rinneadh cinneadh d’aon toil
sa Chomhairle Eorpach glacadh le tograí seo an Choimisiúin.
Ach mar a dúirt tú, is fada ó thogra, ó dhlí, ó ghealltanas go gnáthshaol.
Tá slí an-fhada le dul. Is eol dúinn uile nach féidir linn cás na Romach a réiteach
i roinnt seachtainí, i roinnt míonna. Ach beidh díograis uainn, ní hamháin ó
na Ballstáit ach ó phobail na Romach, a bheith sásta imeascadh, gnáthshaol a bheith
acu sna sochaithe atá roghnaithe acu mar áit chónaithe.
Ba bhreá liom ceist bhreise a chur. Dar leat, ar cheart do thíortha Oirthear
agus Iarthar na hEorpa, seanBhallstáit is Ballstáit nua, aontú ar dhá shraith de straitéisí ar leith
mar nach ionann na fadhbanna sna tíortha a dtéitear ar imirce chucu
agus sna tíortha a fhágtar? Cad é do mheas ar na bloic sin? Tá Romaigh den uile náisiúntacht
san Eoraip. Is iad na Romaigh sna tíortha bochta a bhíonn i gceist againn de ghnáth,
agus sna ceantair bhochta, a fhágann a dtíortha toisc nach bhfuil tada
rompu ina dtíortha féin. Bíonn straitéis dhúbailte againn: féachaimid le
cuidiú sa Rómáin is sa Bhulgáir. Cabhraímid le rialtais infheistiú iontu; cuirimid airgead ar
fáil le go mbeidh infheistíocht i dtithíocht agus i bpoist, le gur féidir scoileanna
a thógáil; le hoiliúint is oideachas speisialta do pháistí Romacha a chur ar bun.
Dul i ngleic le bochtaineacht,le nach mbeidh ar dhaoine dul ar imirce. Ach má
fhágann siad a dtír, ní mór dóibh, ar ndóigh, imeascadh ina gcuid sochaithe nua. Tá
freagracht ar an dá thaobh. Ní mór dea-thoil na sochaí óstála go dtarlóidh an t-imeascadh;
dea-thoil na n-imirceach féin chun oiriúnú don tsochaí nua a dtéann siad chuici.
Is deacair é. Uaireanta ní mian le taobh amháin é; uaireanta is é an taobh eile
nach mian leis é ... mura mbíonn sé ón dá thaobh, ní réiteofar na fadhbanna.
Sula bhfille muid ar Twitter, rachaimid go hÉirinn agus go Paul...
Dia duit, a Leas-Uachtaráin Reding. Cén fáth a gcuireann an AE suas le
polaiteoirí agus na meáin i Sasana - iad ag caitheamh anuas ar Rómánaigh agus a
rochtain ar an margadh saothair? Ní ghlactar le leatrom i gcoinne aon saoránach
den AE. Tá 507 milliún saoránach san AE. Tá na cearta is oibleagáidí céanna againn uile.
Sin atá i gceist anseo. Bhí díospóireacht mhór i PE an tseachtain seo
faoi cheart na n-Eorpach bogadh gan bhac. B'fhaoiseamh dom a fheiceáil go raibh
tromlach na bpáirtithe agus na náisiún ar aon intinn faoi seo.
Seoid luachmhar atá sa tsaorghluaiseacht; ceann de na cearta is tábhachtaí atá againn.
Níl an ceart sin le hathrú. Ceart bunúsach dár gcuid atá ann
agus fanfaidh sé amhlaidh. Tá cearta ag saoránaigh Eorpacha,
ach tá oibleagáidí orthu freisin; tá saorghluaiseacht chun oibre ann,
chun staidéir, nó dul ar saoire. Ach níl saorghluaiseacht ann chun
leas mídhleathach a bhaint as córais shóisialta. Tig leis na Ballstáit
bearta a dhéanamh ina choinne sin; tig leo caimiléirí a chaitheamh amach.
Mar níl sé de cheart ag saoránaigh an AE caimiléireacht a dhéanamh.
Tá cead ag na rialtais é sin a stopadh. I gcoinne rialacha an AE atá sé, áfach,
stop a chur le saorghluaiseacht. Ní chuirfidh an Coimisiún ná PE suas leis sin.
Ar mhaith leat aon rud a rá, a Paul, faoina bhfuil ráite ag an Leas-Uachtarán?
Aontaím lena ndúirt sí faoi aontoilíocht ach bhí 6 mhí dheacra ann.
Bhí polaiteoirí agus na meáin sa RA ar a ndícheall ag iarraidh drochmheas
a chaitheamh ar Rómánaigh. Níl meas agam ar chaimiléirí ach oiread.
Níor mhaith liom go mbainfidís mí-úsáid as an gcóras Ungárach nó Rómánach.
Ach ní hionann sin is a rá gur caimiléir atá i ngach Romach a théann go dtí an RA.
Fillimid ar Twitter agus an cheist cén sásra a d'fhéadfaí a bhunú chun
mí-ionramháil is pobalachas a sheachaint sa díospóireacht faoin tsaorghluaiseacht?
An bhféadfadh an AE sásra éigin a bhunú nó an gcuirfeadh sin leis an bpobalachas?
Féachann an Coimisiún le dlí an AE a chur i bhfeidhm i gceart
ach ní féidir linn cosc cainte a chur ar pholaiteoirí. Iarraim orthu bheith
níos freagraí, díriú arís ar fhíricí is ar fhigiúirí is gan leatrom a dhéanamh
mar tá leatrom in éadan an dlí. Agus ba cheart do pholaiteoirí thar gach
duine eile seasamh leis an dlí. Mar fhreagra ar a luaigh Paul,
is tábhachtach a thuiscint gur ar son oibre a théann na saoránaigh sin
a roghnaíonn bogadh go Ballstát eile - léiríonn gach anailís atá déanta againn
gur fíor sin ní amháin i gcás RA ach i gcás na Gearmáine agus Ballstát eile.
Formhór na saoránach a théann ar imirce, is chun post a fháil é. Íocann siad a gcion
cánacha agus slándála sóisialta. Ar an meán, íocann siad níos mó ná náisiúnaigh
- mura bhfuil aon fhadhbanna ann. Mar sin, cuirimis stop leis an leatrom
agus réitímis na fadhbanna atá ann dáiríre seachas fadhbanna nua a chruthú!
Bogaimis ar aghaidh, tá brú ama orainn. Tá Hugh ar ais linn. An dtig leat mé a chloisteáil?
Mise? Heileo! Dia duit, a Choimisinéara. Briotanach mé atá i mo chónaí
sa Bhruiséil le 10 mbliana agus bhí mé sa Fhrainc ar feadh 17 mbliana roimhe sin.
Eorpach mise go smior. Bhíos ag obair sa Choimisiún; roinnt blianta sa Pharlaimint
agus tá mé féinfhostaithe anois. Seo mo cheist:
ag an díospóireacht i Stócólm, ceistíodh díot an bhfuil an AE
ag tabhairt luach ar airgead. Dúirt tusa gur dlíthe Eorpacha iad 80%
de dhlíthe na Sualainne dáiríre. An fíor sin ar fud an AE nó
an cás speisialta í an tSualainn? Ní chaitear go speisialta le héinne.
Tá gach saoránach is Ballstát ar chomhchéim. Níl fhios agam an 80% nó 75% atá ann ach
is fíor go bhfuil formhór na ndlíthe atá á gcur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta
bunaithe ar dhlíthe is treoracha Eorpacha a aistrítear isteach sa dlí náisiúnta.
Is é an Pharlaimint i gcomhpháirt le Comhairle na nAirí a ghlacann
an chuid is mó den reachtaíocht - i gcás na 28 Ballstát. Mar sin, tá sé
an-tábhachtach go dtuigtear an chumhacht a thugtar do na Feisirí Eorpacha mar is iad,
le tromlach vótaí, a chinneann ar na dlíthe atá le chur i bhfeidhm
sna Ballstáit. Ar aghaidh linn... ba mhaith liom
filleadh ar Twitter, mar tá neart daoine ag cur ceisteanna ar Twitter.
Mo leithscéal má tá na téamaí trína chéile, ach tá neart
téamaí difriúla ann. Seo ceist ó Alice Stolmeyer: an ndéanfaidh
an Coimisiún bearta fónta, ar bhonn eolaíoch atá sí a mhaíomh,
chun fanacht faoi bhun 2°C de théamh domhanda? Is eol duit gurb é an tAontas Eorpach
a chéadtosaigh á rá gur fíorfhadhb é an téamh domhanda
agus ag déanamh dlíthe cuí chun téamh domhanda a chosc.
Déanfar athbhreithniú ar na dlíthe sin anois agus tosaíodh ar an bplé faoi sin
ar dhóigh an-dian; plé idir an Coimisiún ar thaobh amháin agus idir
an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an taobh eile.
Tá súil agamsa go dtiocfaidh reachtaíocht fhónta as an ngealltanas
a thugamar ar leibhéal domhanda ionas go dtabharfaidh an Eoraip sampla a leanfar
agus an teachtaireacht cheart do chruinnithe na Náisiún Aontaithe,
agus go bhfógróidh sí go bhfuil baol ann, ionas go mbeidh an Eoraip
i mbun oibre, agus ilchríocha eile á leanúint. Tá téamaí níos mó le plé anois
agus ábhar a luadh san agallamh le Isabel:
cosaint sonraí. Ar mhaith le Yves an cheist a chur?
Go raibh maith agat. Seo mo cheist: Luaigh tú gur shíl tú
go rithfí an pacáiste, mar a thugtar air, mar atá, an Rialachán agus an Treoir,
roimh dheireadh na bliana. Ach tá dhá bhac ann: go gcuirfear faoi bhráid na Parlaiminte é,
mar a dúirt tú, agus nach mór é a ghlacadh roimh an 17 Aibreán,
sílim, dáta sheisiún deiridh na Parlaiminte. Agus
san am céanna, is gá seasamh ón gComhairle. Mar rachaimid go dtí
an córas tríthaobhach ansin. Ach, tá deacracht ann, dar liom, go bhfuil roinnt tíortha
ag cur a lán ceisteanna agus gur cosúil nár mhian le cuid acu Rialachán, agus is gá
Rialachán um chosaint sonraí. Ina éagmais sin, mar a dúirt tú agus ceist na Sualainne á plé,
beidh tionscnaimh dhifriúla ann arís agus feidhmiú difriúil mar a bhí
i gcás na Treorach, rud a chuir isteach go mór ar na daoine. Cad é do bharúil?
An síleann tú go mbeidh an dá rud réidh in am don phlé tríthaobhach?
Aontaím le Yves ar a ndúirt sé. Is é an fáth ar mhol mé
an reachtaíocht nua Eorpach seo, nach féidir, i ndomhan gan teorainneacha
agus de bharr an Idirlín, 28 riail dhifriúil a bheith ann,
mar nach réiteoidh siad i gcónaí le chéile. Sin an fáth ar mhol mé riail amháin
d'ilchríoch amháin - a chuirfí i bhfeidhm ar fud na críche, chun cinnteacht dlí a thabhairt
do chomhlachtaí agus saoránaigh. Tá an ceart ag saoránaigh an AE, de réir an Chonartha Eorpaigh,
go gcaomhnófar a bpríobháideachas agus go gcosnófar a gcuid sonraí pearsanta.
Bhí an ceart ag Yves; tá a cuid oibre déanta cheana ag an bParlaimint:
chuir sí chun tosaigh seasamh na gCoistí atá freagrach as cosaint sonraí agus
gheall sí go vótálfadh sí i seisiún iomlánach roimh an 17 Aibreán. Sin gealltanas a bhfuil
an-aird agam air, agus ba cheart an-aird a bheith ag na rialtais air freisin. Sin an fáth
a mbeidh cruinniú ann idir na 28 Aire, Rapóirtéirí na Parlaiminte
agus Uachtarán Choistí na Parlaiminte an tseachtain seo chugainn
féachaint conas is féidir an plean sin, glacadh na rialacha cosanta sonraí, a chur i
gcrích - cuid de roimh an toghchán - agus beidh an plé tosaithe cheana, ach leanfar de
le linn na Parlaiminte nua. Go raibh maith agat as an bhfreagra sin. Tá ceist eile agam
a bhaineann leis an ábhar céanna: mar a dúirt tú, is gá córas domhanda
don néalríomhaireacht agus tá tionscnamh tosaithe ag roinnt tíortha,
(ar a dtugtar 'néal náisiúnta logánaithe'). Dar liom, má leantar de sin, balcánófar an néal;
beidh a ceann féin ag gach tír, daingnithe sa tír sin,
agus ní bheidh fonn orthu imeacht as. Cad é a shíleann tú is féidir a dhéanamh
chun an balcánú sin a chosc? Chuir an Coimisiún straitéis
néalríomhaireachta chun tosaigh chun nach ndéanfaí an balcánú sin
is le fíordheis a thabhairt do chomhlachtaí Eorpacha néal Eorpach
seachas néal balcánaithe a chruthú. Ar ndóigh, i bhfianaise spiaireacht an NSA
agus na ... uile [fadhbanna fuaime, nasc caillte...]
Is léir go bhfuil an fhuaim caillte. An bhfuil fhios ag éinne faoin bhfuaim.
Ní chloisim tada agus ní fios an gcloiseann aon duine mé.
Cloisim tú, ach ní chloisim an Leas-Uachtarán Reding.
Cailleadh an nasc leis an Leas-Uachtarán Reding.
Tapóidh mé an deis lena rá gur féidir leat ceist a chur ar Twitter.
Tá [fadhbanna fuaime ann.. nasc caillte} agus figiúr 8. A Yves,
an bhféadfá a mhíniú cad is Balcánú an Idirlín ann?
Baineann na ceisteanna seo lena lán tíortha; feictear a lán fógraí,
mar shampla, 'slán sa Ghearmáin'. Sa Fhrainc, tá dhá chomhlacht
a dhéanann gach poiblíocht ar shonraí - ag rá 'fanann do shonraí sa Fhrainc'. Tarlaíonn
an rud céanna i roinnt mhaith tíortha, mar deirtear nach dteastaíonn uathu a sonraí a
chur chuig tíortha eile. Bhí duine i Schengen a dúirt nach mór dóibh fanacht i Schengen
mar nach féidir brath ar thíortha eile - Más néal é atá le fanacht in aon tír amháin,
is deacair é a dhéanamh ar fud an domhain. Cad ba mhaith leat a dhéanfadh
an Coimisiún faoi? Féachtar, leis an Rialachán, le beartas
amháin cosanta sonraí bheith san Eoraip, le cinntiú nach bhfuil difríochtaí ann.
Ní mór an cur chuige céanna don néal; tá tionscadal le cur chun cinn,
an Néalríomhaireacht Eorpach, ach ní mór bheith cinnte nach bhfuil
rialtais náisiúnta ag dul i dtreo eile. Leanfaimis ar aghaidh, fiú
mura bhfuil an Leas-Uachtarán linn, leis an bplé faoi chosaint príobháide. Cloisimid
anois í. Ar aghaidh linn, tá ceist ag Marie faoi chosaint príobháide...
Tá! Ceist í a thig as an díospóireacht ar chosaint príobháide,
as a bhfuil ráite ag an Leas-Uachtarán ar an gceist: seo mo cheist: Sea, tá uafás orainn
go léir; is mian linn uile tabhairt faoin gcás. Ach an duine a chuir na sonraí ar fáil,
Edward Snowden, nó duine cosúil leis, is éiginnteacht
agus géarleanúint atá roimhe. Ní ábhar misnigh é mar sin do sceithirí eile
a nochtfadh éagóir mhór institiúideach. Cad a tharlódh do shaoránach AE
ar mian leis, agus a chinneann, olc ar an scála sin a nochtadh, mí-úsáid cumhachta.
Cad é beartas an AE um sceithireacht? An bhféadfainn do cheist a fhreagairt? Fiú
mura bhfeice tú mé, chuala mé tú. Is beartas iomlán náisiúnta é an beartas um sceithirí
nach bhforáiltear dó sna Conarthaí Eorpacha. Agus ní fhéadfaidh an Coimisiún
ach a bhfuil sna Conarthaí a dhéanamh. Tá an cheist seo i bhfad níos leithne ná cás Snowden.
Ceist dlí bhunúsach í..ar an drochuair níl inniúlacht ag an Aontas Eorpach
ina leith sin. Ba bhreá liom focal a rá faoin
néalríomhaireacht Eorpach; tá an ceart ag Yves: tá straitéis néalríomhaireachta Eorpach ann.
Féachadh lena déanamh an-tarraingteach le forbairt Eorpach a mhealladh. Tá
an creat dlí is gá á chruthú don fhorbairt seo. Ach a bhuí le heaspa muiníne
faoi na sonraí a bheith slán i néal domhanda, tá eagla ar dhaoine
a sonraí a thabhairt. Sin an rud is measa a tharlódh ar leibhéal Eorpach;
tá timpeallacht shlán de dhíth orainn, ina dtugann daoine a sonraí, iad cinnte
go gcaitear go cuí leo, de réir an dlí. Seo cúis amháin a bhfuil
an Rialachán maidir le rialacha faoi chosaint sonraí á phlé anois.
Ceist eile agam ar an ábhar céanna. Cad a tharlódh do dhuine dá sceithfeadh sé,
ar an gCoimisiún Eorpach agus gan aon nós imeachta Eorpach ann chun
déileáil leis sin? Agus, ceist bheag eile, measaim go bhfuilimid an-sásta go dtacaíonn
Parlaimint na hEorpa le saorghluaiseacht - nárbh aisteach mura ndéanfadh sí -
ach tá bacainní romhainn mar Bhulgáraigh, agus poist á lorg in Iarthar na hEorpa.
Is ábhar imní é do dhaoine. Conas a gcearta a sheasamh? Cé a chuideoidh linn má mhothaímid
nach bhfuil ár gcearta á seasamh ag fostóirí ionchasacha?
Ar an dea-uair is daonlathas í an Eoraip. Daoine a bhfuil gearáin acu
i gcoinne na n-institiúidí Eorpacha, mar shampla, nó sceithirí, tig leo
scéal a chur chuig an Ombudsman a dhéanfaidh anailís ar an scéal
agus a dhéanfaidh na bearta is gá. Tá Coiste Eorpach na hAchainíocha
i bParlaimint na hEorpa freisin, a ghlacann le gearáin ón bpobal. Mar sin, ar leibhéal
na hEorpa, déantar lámh mhaith de, mar is ceart a dhéanamh
ar leibhéal náisiúnta. Anois, le ceist na saorghluaiseachta
a fhreagairt, tuigim go bhféachann an t-aos óg leis an áit is fearr ar domhan a aimsiú
le dul ag obair, agus mura bhfaigheann siad post sa bhaile nó mura
n-íoctar go maith sa bhaile iad, féachfaidh siad le himeacht. Is fúthu féin
atá sé más mian leo imeacht, ach amach anseo, dar liom,
níor cheart gur ghá don aos óg san Eoraip imeacht ach ba mbeadh poist ar phá maith
ar fáil dóibh sa bhaile. Sin an fáth gur ríthábhachtach polasaí dlúthpháirtíochta an AE
- na cláir réigiúnacha agus shóisialta - chun cuidiú leis na réigiúin san Eoraip
nach bhfuil forbartha agus atá bocht forbairt thapa a dhéanamh.
Ní mór infheistíocht a dhéanamh leis na ceantair bhochta a fhorbairt, agus
le poist a chruthú iontu ionas go dtig le daoine fanacht sa bhaile más mian leo.
Tá an t-am ag sleamhnú, agus ba mhaith liom
ceist ó gach duine a fháil agus an nasc fós againn. An féidir linn
ceist a fháil uaitse, a Jakub, mar sin? Dia duit, go raibh maith agat. Baineann mo cheist
le saoránacht. Is ó Phoblacht na Seice mise áit a gceapann daoine go bhfuil
an Bhruiséil i bhfad uainn. Feictear domsa gur eagraíocht í an tAontas Eorpach ina bhfuil
28 tír, agus níos mó náisiúntachtaí agus cultúr sa bhreis air sin. Is eagraíocht
fhónta í cinnte, ach ní tír ná cónaidhm í. B'fhéidir go bhfuil an cheist seo
saonta nó simplí, ach ba mhaith liom do thuairim a chloisteáil, a Leas-Uachtaráin,
cén fáth, dar leat, ar cheart do shaoránaigh na mBallstát saoránaigh Eorpacha a thabhairt orthu féin?
Cad atá againn uilig i gcoiteann mar Eorpaigh? Cad é an bunús leis an gcomhshaoránacht seo
seachas go bhfuileamar ag cur fúinn in aon réigiún geografach amháin?
De réir an méid atá ráite ag Jakub ansin, ní ann do shaoránacht Eorpach,
mar tá ár bhfréamhacha féin againn. Saolaíodh mise i nDeisceart Lucsamburg,
ceantar mór cruach, tá mo fhréamhacha daingnithe ansin, Lucsamburgach
agus Eorpach mé, ach tagann an trí ghné sin le chéile gan stró.
Is mar sin atá an tsaoránacht Eorpach. Rugadh sinn uile i sráidbhaile,
i mbaile, i gceantar; bainimid le tír éigin.. De réir na gConarthaí tá na cearta céanna againn
agus atá ag 507 milliún saoránach ar fud na hEorpa.
Mar shampla, cearta chun saorghluaiseachta, an ceart nach ndéanfaí leatrom ort. Mar sin,
ní ag brath ar an ngeilleagar amháin atá an AE, tá sé ag brath go mór ar luachanna
agus sin an rud is tábhachtaí domsa. Go raibh maith agat. Agus cé gur
ag caint faoi mo thír féin, Poblacht na Seice, a bhí mé, seans go mbaineann an cheist
leis na Ballstáit nua freisin. Cad faoi na toghcháin Eorpacha
a úsáid mar dheis chun ilsaoránacht a mhíniú arís agus chun daoine a spreagadh le
bheith rannpháirteach ann? Tá súil agam go spreagfar plé faoi ghnóthaí an
Aontais Eorpaigh sna Ballstáit i mbliana agus na toghcháin Eorpacha ar siúl, seachas
plé faoin rialtas náisiúnta nó faoi aire náisiúnta. Bíodh a fhios ag daoine go bhfuil Feisire Eorpach le
toghadh a shuífidh sa Pharlaimint Eorpach, agus a dhéanfaidh cinntí faoi dhlíthe a
rachaidh i bhfeidhm ar shaol 507 milliún saoránach. Tá sé an-tábhachtach go
scaipfear an scéal seo. Agus, a Jakub, tá sé tábhachtach
go dtuigtear go dteastaíonn uainn cónaidhm Eorpach a bhunú.
Ní shin le rá go gcaillfidh tú do chló náisiúnta ná do theanga náisiúnta.
Beidh Ballstáit fós ann ach seasfaimid le chéile ar cheisteanna tábhachtacha;
mar shampla, cosaint sonraí mar a phléamar inniu. Ní fhéadfadh 28 tuairim éagsúil
a bheith ann i dtaobh cosanta sonraí. Is é an rud céanna é i gcás an aontais
bhaincéireachta - ní mór polasaí Eorpach amháin a bheith againn do na ceisteanna sin
agus - go háirithe don ghlúin óg atá ag éisteacht ar an idirlíon anois -
ní mór guth láidir a bheith againn ar an stáitse domhanda leis. Leo féin, tá gach tír san Eoraip
an-bheag sa saol mór domhandaithe. Ach i gcomhar lena chéile beimid in ann ár
luachanna agus ár gcearta a chosaint, agus labhairt amach ar stáitse an domhain.
Go raibh maith agat. Tá cúpla duine fós le ceist a chur:
duine ón Úcráin agus ó Chatalóin na Spáinne. Agus na bíodh imní oraibh, ní dhéanfaimid dearmad
ar cheist na dtoitíní leictreonacha. Ceist ó Chris ag tvuíteáil dó,
cad iad na moltaí atá agat féin faoin tslí is féidir daoine a mhealladh
isteach sa phróiseas polaitiúil seachas le hóráidí agus plé aonuaire?
Cad atá le déanamh ó lá go lá? Ó lá go lá is faoi na
polaiteoirí náisiúnta atá sé. Ní thig liomsa a mhíniú do gach
duine i ngach Ballstát agus réigiún, cad atá ar siúl san Eoraip! Sin obair
na bpolaiteoirí náisiúnta agus réigiúnacha, mar is polaiteoirí Eorpacha
iad freisin agus tá an fhreagracht sin orthu. Tá iarracht déanta agam deis
cainte a thabhairt don phobal trí idirphlé le saoránaigh mar a bheadh i halla an bhaile,
ionas go mbeidh siad in ann a gceisteanna a chur go díreach. Bionn daoine tofa,
polaiteoirí réigiúnacha agus náisiúnta liom lena thaispeáint go bhfuil
an dá thaobh ann, mar is ceart! Coimisinéirí Eorpacha ar thaobh
amháin agus na hairí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí Eorpacha ar an taobh eile.
B'fhéidir go bhfuil cur chuige éagsúil acu ach, ar deireadh, ní mór dóibh bheith ag
obair le chéile chun an sprioc céanna a bhaint amach. Sin is ceart a mhíniú agus a chur chun cinn san
fheachtas do na toghcháin Eorpacha. An-mhaith, go Timur anois, ón
Úcráin, tír nach bhfuil san AE, ach a dteastaíonn ó sciar maith den
phobal sin go mbeadh sí ann. Go raibh maith agat. Ba mhaith liom
do thuairim faoi chúrsaí san Úcráin a chloisteáil. Úsáideann polaiteoirí anseo lámh láidir i gcoinne
tuairisceoirí agus agóideoirí. Níor cuireadh an dlí ar aon fheidhmeannach rialtais ná oifigeach an dlí
a raibh baint acu le ciapadh daoine. Céard é do thuairim faoi sin?
Tá an-mheas agam ar mhuintir na hÚcráine atá ag seasamh an fhóid;
atá amuigh sna sráideanna agus brataí na hÚcráine agus na hEorpa leo.
Tá saoirse uathu, tá cearta uathu, tá ceartas uathu!
Tá siad glórach, agus cloistear iad! Tuigimid gur fís dóibh an AE
agus déanfaimid ár ndícheall an fhís sin a chur i gcrích
do na daoine sin uile san Úcráin atá ar thóir saoirse agus ceartais.
Go raibh míle maith agat, is mór agam do thuairim a chloisteáil. Tá ceist eile agam:
tacaíonn daoine óga san Úcráin go mór leis an AE. An bhfuil an AE ullamh le
córas taistil gan víosaí a thabhairt isteach don ghlúin óg san Úcráin amach anseo?
Tá an ceart ar fad agat an cheist sin a chur! Níor mhaith le daoine óga go ndéanfaí leatrom
orthu agus bac a bheith orthu taisteal. Tuigeann na hÚcránaigh an tsaoirse mhór
atá ag aos óg an Aontais Eorpaigh; is féidir leo taisteal gan phas ó thír go chéile.
Táimid i mbun plé le rialtas na hÚcráine faoi léirscaoileadh víosaí faoi láthair.
Tá súil againn caidreamh a bhunú, atá cothrom agus a thabharfaidh
an tsaoirse do na hógánaigh sin a dteastaíonn uathu taisteal gan bhac -
ceann de na saoirsí is tábhachtaí atá ag saoránaigh na hEorpa.
Go raibh míle maith agat. Anois tá Xavier linn ón gCatalóin.
Táim buíoch daoibh an deis seo a thabhairt dom labhairt libh.
Ar cheart dom mé féin a chur i láthair?
Déan é go gasta agus ansin cuir do cheist.
Is as baile beag sa Chatalóin mé. Fáilte romhaibh teacht ar cuairt! Táim 41 bliain d'aois.
Táim ag blagáil agus ag tvuíteáil faoi neamhspleáchas mo thírse le cúpla bliain anuas
agus faoi láthair táim ag lorg poist. Baineann mo cheist le mo thír.
Mar is eol duit, b'fhéidir, tá plean againn vóta agus reifreann a eagrú le gur féidir le pobal na tíre seo
a chur in iúl má theastaíonn neamhspleáchas uathu. Ní ghlacann rialtas na Spáinne leis sin.
Deir sé go bhfuil sé in aghaidh an dlí, cé nach bhfuil. Níl uainn ach vótáil. Seo mo cheist:
cé go ndeirtear gur ceist inmheánach ceist an neamhspleáchais, nach cosaint
dár gcearta ár saoránacht Eorpach? Nach buncheart é ceart vótála?
Nár cheart don Eoraip an ceart vótála sin a ráthú do na Catalónaigh?
Is freagra casta a thabharfaidh mé ar an gceist chasta seo, rud nach
mbeifeá ag súil leis b'fhéidir. Tá ceart vótála sna toghcháin Eorpacha leagtha síos sna
Conarthaí Eorpacha do gach saoránach Eorpach. Is féidir leat vótáil fiú mura bhfuil tú i
do thír féin le linn na dtoghchán sin. Má bhog tú chuig tír eile, tar éis tamaill áirithe tá ceart
vótála agat mar chónaitheoir sa tír sin sna toghcháin áitiúla agus réigiúnacha.
Ach níl aon cheart vótála leagtha síos ag an Eoraip do thoghcháin náisiúnta
ná do ghnóthaí náisiúnta. Is faoin Spáinn féin atá an reifreann.
Ní gnó na hEorpa é. Beidh gá rialacha na Spáinne a chur i bhfeidhm air agus
ní bheidh baint ag rialacha na hEorpa leis. Níl mórán ama againn, a Xavier.
Murar mhiste leat labhróimid anois le Martijn, atá díreach tar éis teacht ar líne.
Mura gcuirtear ceist faoi thoitíní leictreonacha, measaim go mbeidh mo bheatha i mbaol!
A Martijn, is ionadaí thú thar ceann úsáideoirí toitíní leictreonacha. Cad í do cheist?
Is forbróir bogearraí ón Ísiltír mé. Táim ag caitheamh le thart ar 20 bliain.
Bím anois ag caitheamh toitíní leictreonacha. Taitníonn siad liom.
Amach anseo, áfach, beidh toitíní leictreonacha in aghaidh an dlí, ach ní bheidh na toitíní seo.
Cén fáth nár chuathas i gcomhairle le tomhaltóirí faoi na dlíthe nua seo?
Níl aon bhac ort toitíní a chaitheamh. Níl aon chosc ar thoitíní leictreonacha san AE.
Arís, is faoi na Ballstáit an cheist seo. Is fúthu atá sé plé le ceist
na dtoitíní leictreonacha. Ní chuirfimidne cosc orthu. Is féidir leis na Ballstáit
iad a aicmiú mar chógas más mian leo. Is minic an fhírinne ceilte
ag an deatach! Tá na dlíthe léite agam - tá pobal mór ann a bhfuil
siad léite acu - agus cuirfear cosc ar a lán toitíní leictreonacha den dara agus tríú glúin.
Sa phlé tríthaobhach, tugadh isteach go leor srianta nua agus cuirfear cosc ar thoitíní móra.
Tá níos mó eolais agat faoi seo is cosúil. Dar liomsa, ní chuirfidh an AE cosc ar thoitíní leictreonacha.
Ní raibh sé beartaithe riamh cosc a chur ar an toitín leictreonach. Ach measaim go bhfuil
fearg ar go leor daoine mar go bhfuil sé ag éirí níos deacra teacht ar an rogha shlán
seo ar tháirgí tobac i ngeall ar reachtaíocht atá á beartú ag an AE.
Tá an scéal trína chéile, ceapaim, toisc go bhfuil plé ar siúl idir an Chomhairle agus an Pharlaimint
faoi thoitíní leictreonacha áirithe a bhfuil méid beag nicitín iontu a áireamh mar ghnáth-earraí
tomhaltóra agus é a fhágáil faoi na Ballstáit iad a aicmiú mar leigheasanna
- sé sin táirgí cógaisíochta - má tá bunús leis sin. Mar sin is cinnte nach é an AE
a dhéanfaidh an t-aicmiú sin agus is cinnte nach é an AE a chuirfidh
cosc ar na hearraí sin. Beidh le feiceáil, agus ní dóigh liom
go mbeidh orainn fanacht rófhada go bhfeicfimid ar shásaigh na freagraí
sin pobal na dtoitíní leictreonacha. Mar fhocal scoir, ceist agamsa ort, a Leas-Uachtaráin.
Chualamar anocht ó thart ar dháréag saoránach; agus tá plé leis na saoránach á eagrú agat
le breis is bliain anois, tá a gcuid scéalta cloiste agat.. na clocha is mó ar a bpaidrín.
Cad is féidir leis an Eoraip a dhéanamh chun iad a shásamh?
An méid a thit amach sa phlé leis na saoránaigh, bhain sé siar asam:
cheap mé go ndéarfadh saoránaigh: "ná déan seo, ná déan sin" ach
i ndeireadh na dála, ní suim leo ach go bhfuil a gcuid fadhbanna
á réiteach! Déarfaidh mé seo leat, tá go leor saoránach ag iarraidh ar an rialtas Eorpach,
ar an gCoimisiún, réitigh a aimsiú ar fhadhbanna atá acu i gcoitinne.
Bheidís sásta níos mó cumhachtaí a bheith againn ná mar a thugtar dúinn sna Conarthaí i ndáiríre.
Amach anseo, beidh cinntí ag croí na díospóireachta: cad iad, cé atá á dtógáil agus ar cén leibhéal
agus mar a léirigh ceist na dtoitíní leictreonacha, bíonn sé sin an-deacair uaireanta.
(cailltear an nasc) Creidim go bhfuil an nasc caillte arís.
An é nasc an Leas-Uachtaráin Reding amháin atá i gceist nó nasc gach duine?
Tá an fhuaim imithe, ceapaim. I bhfianaise na bhfadhbanna
teicniúla seo, measaim gur am tráthúil é seo le clabhsúr a chur leis an bplé
ar líne seo a bhí againn le breis is uair an chloig. Chualamar ó dhaoine ar fud na hEorpa
agus níos faide i gcéin fiú. Gabhaim buíochas anois leis an Leas-Uachtarán Reding
as an tionscnamh seo a sheoladh agus as cluas a thabhairt do na saoránaigh.
Mo bhuíochas freisin do na cainteoirí a chuir ceisteanna agus a d'éist leis na freagraí.
Go raibh maith agaibh gach duine, maith dúinn é mura raibh deis agat ceist
a chur, beidh lá eile ann le cúnamh Dé! GRMA! Slán agus beannacht libh go léir.
Go raibh maith agat féin.