Tip:
Highlight text to annotate it
X
Ainneoin iarrachtaí ar fud an AE fuinneamh inbhuanaithe agus glan a
chur chun cinn, is iompar bóthair is cúis le 25% d'astaíochtaí CO2 de dhéantús
an duine - Osló an t-aon eisceacht. Dul chun cinn tábhachtach chun
truailliú cathrach a laghdú is ea CHIC - tionscadal AE atá
dírithe ar bhusanna hidrigine a chur ar an margadh,
agus atá cómhaoinithe trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí
idir an Coimisiún Eorpach agus lucht tionscail.
“Is iontach iad na busanna hidrigine.
Ní astaítear aon CO2 agus measaim féin gurb é sin
an todhchaí ghlan ghlas atá i ndán don iompar poiblí.”
Is féidir hidrigin a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla, agus
tá fuinneamh in-athnuaite i measc na modhanna sin.
“Tá breosla-chealla ar nós cadhnraí, ach go n-úsáideann
siad hidrigin le leictreachas a dhéanamh agus ní scaoiltear ach gal uisce.
Murab ionann agus cadhnraí, áfach, ní thagann deireadh lena saol.”
Go dtí seo, tá 26 bus hidrigine tugtha isteach i gcúig
chathair san Eoraip, agus tá 5 bhus i gcathair Osló.
Tá busanna i Londain agus in Hamburg freisin.
“Cuireann cathair Osló an-fháilte roimh an tionscadal seo.
Creidimid go mbeidh an hidrigin an-tábhachtach sa todhchaí.
Dea-scéala é go bhfuil dea-chomhar trasréigiúnach ar siúl,
le go bhfoghlaimeoimid óna chéile. Is tábhachtach go mbeadh
lucht gnó príobháideach páirteach sa tionscadal seo
le go bhféadfaimid an teicneolaíocht seo a fhorbairt le chéile.”
Bhí réimse leathan den lucht tionscail páirteach ann,
m.sh. déantóirí busanna Van Hool, Daimler EvoBus agus WrightBus.
Bhí tionchar againn ar thionscadail eile, m.sh. High VLO City
nó an stáisiún hidrigine seo, a cruthaíodh trí dhlúthchomhar
idir comhlachtaí idirnáisiúnta laistigh den tionscadal seo.
“Tá paisinéirí Osló an-sásta leis na busanna.
I dtosach, tugann siad faoi deara
cé chomh ciúin is atá an bus agus cuirtear go leor ceisteanna orainn.
Tá an-spéis acu sa tionscadal.
Idir seo agus 2015, tá súil ag CHIC córas iompair ísealcharbóin
a bhrú ar aghaidh san Eoraip.