Tip:
Highlight text to annotate it
X
Truailliú Uisce
Leis an méid báistí a thiteann in Éirinn tá neart uisce sa tír.
Tá sé sin ar eolas againn.
Níl an t-uisce i 30% d'aibhneacha ar chaighdeán inghlactha.
Tá sé tábhachtach go mbeadh uisce ann le hól.
Tá sé ríthabhachtach don gheilleagar.
Áis iontach é.
Agus ina theannta sin, is álainn an rud é uisce.
In Éirinn, ceaptar gur féidir foirgnimh a thógáil ar fud na háite..
..ag baint úsáid as an talamh agus screamhuisce do shéarachas...
..agus nach mbeidh tionchar ar bith aige sin.
Is léir ó na fadbhanna a bhí i nGaillimh nach é seo an cás.
Ritheann sciodar agus sadhlas isteach sa chóras uisce...
..mar gheall ar dhianfheimeoireacht.
Ina theannta sin, scaiptear ceimiceán...
..i bhfoirm leasacháin agus lotnaidicídí.
Is léir go bhfuil tionchar mór ag an bhfeirmeoireacht ar chaighdeán uisce.
Tógadh tithe gan infrastruchtúr ceart i bhfeidhm.
Gach bliain, tógtar níos mó ná 10,000 teach i gceantair thuaithe...
..agus sceitear na milliúin méadar ciúbach d'uisce fuíll...
..sa chóras screamhuisce atá truaillithe cheana féin.
Déanann an EPA monatóireacht ar an ocht n-abhantrach in Éirinn.
Toisc go bhfuil smacht ag údaráis áitiúla orthu anois...
..tá teorainn ar an gcumhacht atá acu.
Tá comharthaí ann go bhfuil fadhbanna ann leis an Mhuaidh.
Déanann Martin McGarrigle ón EPA monatóireacht ar...
..aibhneacha agus locha an Iarthair.
An bhfuil abhantrach mór ag an Muaidh?
Tá ceann de na habhantracha is mó ag an Muaidh.
Thart ar 200km cearnaithe.
Na lochanna san áireamh?
Na lochanna agus craobh-aibhneacha san áireamh.
Is córas an-mhór é.
An abhainn bradán is fearr sa tír faoi láthair.
Is córas iontach é.
An bhfuil go leor tástálacha déanta agat ar an abhantrach seo?
Tá.
Cé mhéad?
Tá sé deacair a rá.
Táim ag obair in Iarthar na tíre agus tá thart ar 10,000 tástáil déanta.
Táimid chun tástáil a dhéanamh anois.
Seo láthair ag a ndéantar tástálacha rialta.
Uair amháin gach trí bliana.
Cá bhfuil tú chun é a dhéanamh?
Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an EPA ó thaobh truaillithe...
..le dornán blianta anuas...
..tá meath tagtha ar chuid de na haibhneacha is fearr.
Má tá Comhairlí Contae chun cead a thabhairt tithe aonair a thógáil...
..ní mór dóibh a chinntiú go gcóireálfar an t-uisce fuíll astu...
..ar chaighdeán ard.
Ní mór córas éifeachtach a bheith i bhfeidhm chun...
..monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a choinneáil i mbail cheart.
Cad atá ag tarlú anseo?
Is ionad coireála beag é seo atá ag cur thar maoil.
Tá sé ag truailliú na habhann.
Mura leagfar dian-chaighdeáin síos agus mura gcloítear leo...
..truaillítear aibhneacha.
Seo ceann de na nithe is cúis le truailliú aibhneacha...
..a bhfuilimid ag iarraidh dul i ngleic leis faoin gclár.
Tá uisce ag sceitheadh ó phíopa díreach isteach san abhainn.
Ba chóir go gcoireálfaí an t-uisce...
..le go mbeadh sé sabháilte é a scaoileadh isteach san abhainn.
-Agus má bhriseann sé? -Truailliú.
Seo fáth amháin a bhfuil truailliú déanta...
..ar 30% de chainéil abhann na tíre seo.
Chun léargas ceart a fháil ar a bhfuil ag tarlú...
..chuaigh Martin chun tástáil a dhéanamh ar shruth beag...
..a ritheann isteach san abhainn.
Is craobh-abhainn í seo.
Níl a fhios againn go fóill cad is cúis leis an trualliú anseo.
Tá tusa chun tástáil a dhéanamh anois.
Tá mé chun samplaí a thógáil agus déanfar anailís orthu.
Tá a fhios againn go bhfuil an abhainn truaillithe.
Ní mór dúinn a fháil amach cad is cúis leis.
An baol is mó atá ann d'aibhneacha ná eotrófú.
Seo barraíocht chothaitheach a maireann algaí orthu...
..nuair a scaoiltear fosfáit agus níotráit san uisce...
..mar gheall ar sciodar, leasacháin, glantaigh agus séarachas.
Faightear léargas soiléir ar an méid atá ag tarlú...
..ó na samplaí a thógann Martin go rialta.
Cén cineál rudaí beo a d'aimsigh tú?
Is gnáthshampla é seo.
Séaclaí.
Cuileanna Bealtaine.
Sliogáin.
Seilidí locháin.
Is comhartha é seo go bhfuil a lán algaí san abhainn.
An gcuirfeadh aon cheann de na speicis seo imní ort?
Cúpla ceann.
Tá imní orm faoi na halgaí.
Tá a lán algaí ar íochtar na habhann.
Tá sé greamaithe leis an gcloch ansin.
Tá sé an-tiubh.
Rud a thugann le fios go bhfuil an iomarca cothaitheach sa sruth.
Cá as a bhfuil siad ag teacht?
Caithfear é a fhiosrú.
Tá feirmeacha, foraoisí, portaigh agus umair mhúnlaigh san áit seo.
Déantar anailís ar na samplaí i Roinn Cheimic an EPA...
..i gCaisleán an Bharraigh.
Coimeádann Martin taifead de gach eiseamal.
Seo sampla a thógamar ón Muaidh.
Speicis iad seo a bhfuil acmhainn mhór acu.
Na péisteoga dearga seo.
Tá haemaglóibin iontu...
..agus is féidir leo maireachtáil ag leibhéal íseal ocsaigine.
Mar aon leis na míolta seo a mhaireann san uisce.
Is léiriú iad seo go bhfuil an t-uisce an-truaillithe.
Truailliú tromchúiseach.
Ní fhásann siad chomh mór seo de ghnáth.
Is léiriú maith é go bhfuil drochbhail ar an uisce.
Tá cóireáil thánaisteach á dhéanamh ar 80% d'uisce fuíll na tíre.
Níl formhór na n-ionad éifeachtach go leor...
..agus tá siad ag cur thar maoil.
Tá athruithe ag tarlú ó tharla ceadúnas de dhíth ó thionscail.
Is iad na foinsí beaga a chruthaíonn na fadhbanna.
Ní mór dúinn ár ndearcadh a athrú chun uisce a chosaint.
Ní mór ceacht a fhoghlaim ó thíortha eile san Eoraip...
..i dtaobh pleanála agus rialachán.
Ní mór na córais choireála uisce fuíll a uasghrádú.
Caithfear stádas maith uisce a bhaint amach roimh 2015...
..faoin gCreat-Treoir Uisce.
An n-éireoidh linn é sin a dhéanamh?
Is dúshlán mór é.
Bheinn dóchasach.
Ba deas a cheapadh nach bhfuileamar ag snámh in aghaidh easa.
Agus go mbeimid ábalta féachaint siar...
..ar cé chomh dona is a bhíodh sé.