Tip:
Highlight text to annotate it
X
Bithéagsúlacht na Farraige
Tá cósta na tíre go hálainn, áit iontach don fhiadhúlra.
Idir éin mhara, míolta móra, deilfeanna agus iasc.
Tá éiceachóras muirí againn atá chomh éagsúil leis an gcósta.
Teann siar ó dheas chun súil níos géire a chaitheamh air.
Tá seanthraidisiún muirí anseo agus neart gníomhaíochtaí uisce.
Tá radharcanna áille anseo...
..ag mealladh daoine a bhfuil suim sa chomhshaoil acu ó na 60idí.
Is áit é a bhfuil bia orgánach, táirgí áitiúla...
..agus áiteanna atá báúil leis an nádúr.
Is áit iontach é chun an mamach muirí is mó a fheiceáil.
Chuaigh mé ar thuras chun míolta móra a fheiceáil...
..leis an mbitheolaí muirí Nic Slocum.
Táimid ag fágáil Bhá Ghleann Bearcháin.
Táimid ag tabhairt aghaidh ar Chléire agus ar Inis Arcáin.
Cé méid speiceas atá le feiceáil anseo?
Tá os cionn 20 speiceas le feiceáil amach ó chósta na hÉireann.
Ach amach ó chósta Chorcaí, tá cheithre nó chúig speiceas.
Céard iad na príomhchinn?
Míol mór dronnach, droimeiteach, droimeiteach beag...
..deilf choiteann, deilf bholgshrónach agus muc mhara.
Cén fhad amach a théann sibh?
Go hiondúil ní théann muid i bhfad amach.
An bhfuil caighdeán an uisce go maith anseo?
Tá i gcomparáid le háiteanna eile sa domhan.
Tá sé an-mhaith ar fad.
Ach is fadhb í an truailliú áitiúil.
Cuireann sé bac ar mheán síolraithe iasc an inbhir...
..ar a maireann go leor de na mamaí agus éin seo.
Tá an-suim go deo ag Nic i gcúrsaí mara.
Agus ar an turas seo, faigheann fairetheoirí eolas...
..ar chúrsaí caomhnaithe chomh maith le heolas ar an bhfiadhúlra.
Tá an fharraige mhór fairsing.
D'fhéadfadh nach mbeadh na míolta móra le feiceáil.
Ach nuair a bhíonn, cuireann siad daoine faoi dhraoíocht.
Is iad na droimeiteacha fathaigh na mara.
Bíonn siad 27 méadar ar fhad.
Sin 90 troigh.
Agus a dhá oiread chomh fada leis an mbád seo.
Nuair a fhéachann tú ar an bhfarraige shílfeá go bhfuil sí ciúin.
Ach scéal eile é faoin uisce.
Chun taithí cheart a fháil uirthi, caithfidh tú dul ag tumadh.
Tá Jerry agus Rianne Smith i mbun ionad tumadóireachta...
..i nDún na Séad.
Inis dom faoin snorcallú agus an tumadóireacht a bhíonn ar siúl anseo
Tá réimse leathan ainmhí mara ar an gcósta seo.
Tá go leor bundún leice anseo.
Is bláth atá sa bhundún leice.
Bíonn siad mór agus beag, ar gach cineál dath - buí, oráiste, glas.
Tá go leor éisc ann chomh maith.
Is deis iontach í do dhaoine tuilleadh eolais a fháil...
..ar an éagsúlacht atá againn anseo.
Ní chaithfidh tú a dhul i bhfad ó bhaile.
Tá sé uilig anseo.
Níl Loch Oighinn i bhfad as an Sciobairín.
Loch beag sáile atá ceangailte leis an bhfarraige.
Párthas do bhitheolaí muirí.
Maireann go leor ainmhithe agus plandaí in uiscí farraige bog.
Go leor nach féidir a fháil in áit ar bith eile sa tír.
Tá an iliomad ainmhithe ann.
Taispeántas iontach den saol muirí atá inár gcuid uiscí.
Áit mhaith é Ionad Oidhreachta Sciobairín chun a fháil amach...
..céard atá faoin uisce.
Tá go leor eolais agaibh ar Loch Oighinn anseo?
Tá go deimhin.
Tá gach cineál eolais againn ar an loch.
Tá dhá uisceadán bheaga uisce sáile againn.
Ceann a bhfuil sliogéisc ann ar nós gliomaigh nó portáin.
Agus sa cheann is mó bíonn na speiceas is coiteanta sa loch:
..mac siobháin, ceannruán, crosóg mhara.
Is aoibhinn le leanaí iad a fheiceáil agus eolas a fháil orthu.
Tá go leor mac siobháin i Loch Oighinn.
Ceann acu atá fíor ghann go deo.
Is iad na cinn is coiteanta ná an mac siobháin carraige, dathannach.
Má thugann tú cuairt ar Loch Oighinn gan teacht anseo ní bheidh eolas...
..agat ar chomh tábhachtach is atá an loch ná ar an bhfuil ann.
Duine amháin a théann ag taisceálaíocht i Loch Oighinn ná...
..Jim Kennedy, curachóir cadhaic.
Le 14 bliain anuas, eagraíonn sé turais cadhaic san áit.
Tugann tú daoine amach ag cadhacáil anseo.
Sea tugaimid go leor daoine chuig an gceantar.
Cá dtugann tú iad?
Cuirimid tús leis an turas i nDún na Séad.
-Téann sibh ar fud an chósta? -Sea.
Isteach sna pluaiseanna nuair a bhíonn an aimsir feiliúnach.
Isteach faoin tír beagáinín.
Téann sibh an-ghar don fhiadhúlra?
Bíonn na rónta ag léim ar na cadhacanna uaireanta.
Is é an bealach is fearr é le taitneamh a bhaint as saol na mara.
Ní chuireann sé isteach ar an timpeallacht.
Rud eile ná go mbíonn muinín ag na hainmhithe asat.
Tugann Jim daoine amach san oíche freisin.
Ag cadhacáil faoi sholas na gealaí ar Loch Oighinn.
Smaoineamh neamhghnách ar chuir mé spéis ann.
Tosaíonn muid uair an chloig sula mbíonn sé dorcha.
Sula mbíonn sé dorcha, bíonn daoine muiníneach sa chadhac.
In Éirinn, go háirithe anseo, tá an t-ádh orainn...
..nach mbíonn báid san uisce.
Is féidir linn dul amach san oíche gan solas ar bith.
Ní bhíonn agat ach amharc do shúl is tú i measc...
..ainmhnithe ar Loch Oighinn san oíche.
An rud is iontaí faoi a bheith amuigh san oíche ná an ciúnas.
Ní bhíonn aon torann ann.
Cloiseann tú go leor ulchabháin san oíche.
Bíonn na sciatháin leathair os do chomhair amach.
Tagann madraí uisce suas chomh fada linn.
Táimid ag dul síos na bhfánsruthanna anois.
Faoi láthair tá an fharraige níos ísle ná an loch.
Tá an t-uisce ag dul amach i bhfarraige.
Tá titim de 5 nó 6 troigh anseo.
Tá sé an-suimiúil.
B'fhéidir go mbuailfeadh roinnt uisce san éadan tú.
Tá sé ar nós a bheith ar rollchostóir sa dorchadas.
Coinnigh greim ar a chéile.
Coinnigh greim ar a chéile.
Bhí sé sin iontach uilig.
Ach tá só amháin fágtha.
De na mamaigh mara ar fad, táimid an-tógtha le deilfeanna.
Táimse i mBaile an Bhuinneánaigh ar chósta thuaisceart Chiarraí...
..chun dul ag faire ar dheilfeanna bolgshrónacha ón talamh.
Go hard ar aillte an Dúin tá siúlóid cois cósta...
..os cionn bhruach Bhaile an Bhuinneánaigh.
Áit thábhachtach do dheilfeanna bolgshrónacha.
I gCarraig an Chabhaltaigh chuaigh mé ar thuras faire deilfeanna..
..chun súil níos géire a chaitheamh orthu.
D'fhiafraigh mé do Simon Berrow an mbeadh siad le feiceáil inniu.
Nuair a bhíonn an fharraige ina calm seans maith go bhfeicfidh.
Má bhíonn go leor tonnta ann ní fheicfidh tú ag análú iad.
Ach nuair a bhíonn sí ina calm, tá seans maith ann.
Tá ráth nó 140 deilf bolgshrónach tar éis cur fúthu...
..in inbhear na Sionainne.
Ceaptar gurb iad an t-aon ráth deilfeanna lonnaithe sa tír.
Baineann na hainmhithe seo leas as fuaim...
..seachas amharc lena mbealach a dheánamh.
Faoin uisce cloisfidh tú na fuaimeanna iontacha a dhéanann siad.
Is gearr le ceolfhoireann iad.
Tá fiadhúlra mara den scoth ar leic an dorais againn anseo.
Tá go leor bealaí chun fáil níos gaire dó gan dochar a dhéanamh dó.
Téigh amach agus fiosraigh é.
Geallaim duit gur fiú uilig é agus bainfidh tú taitneamh as.