Tip:
Highlight text to annotate it
X
COMHAIRLE NA nAIRÍ...
RITHEANN SÍ REACHTAÍOCHT AR SON NA RIALTAS NÁISIÚNTA
Is iad na Comhairlí príomh-chomhlachtaí reachtaíochta an Aontais Eorpaigh.
Teach na 27 mBallstát, cineál.
An áit a thagann airí ó na tíortha uile le chéile.
Tagann Comhairle na nAirí le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla.
I ngach cás, glacann na hairí a bhfuil freagracht acu as na réimsí sonrach páirt.
Nuair a thagtar ar chomhréiteach, ar bhonn togra ón gCoimisiún,
rachaimid i mbun idirbheartaíochta le Parlaimint na hEorpa.
Is é an ról atá agam mar Uachtarán na Comhairle,
is éascaitheoir mé, is eadránaí mé.
Is é an aidhm atá agam teacht ar chomhthuiscint.
Is dúshlán é.
Tá tú ag déanamh cathaoirleachta i dteanga eile
agus tá roinnt de na ceisteanna a phléimid an chasta ar fad.
Is é an chuid is deacra an méid is gá a dhéanamh roimh duit suí chun boird.
da bhrí sin, ní mór go mór dea ullmhúchán a dhéanamh.
Bíonn teagmháil dhíreach agat le gach ball den Chomhairle
Bheith ar an eolas maidir le cúlra an tseasaimh atá ag gach duine, tá sé sin tábhachtach.
Ar an gcaoi sin faightear tuiscint ar na cúiseanna agus ar na fíricí taobh thiar den phlé.
Tá sé rí thábhachtach éisteacht leis an méid atá á rá ag gach éinne.
Go n-éisteofá go géar leo.
Ní leor díreach deis cainte a thabhairt dóibh agus buíochas a ghabháil leo, caithfear éisteacht go géar leo.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh tuiscint cheart agat
ar sheasamh na ndaoine eile chun teacht ar chinneadh ar an leibhéal Eorpach.
Bhí go leor cur agus cúiteamh agus imní mar gheall ar an Eoraip i gcoitinne,
ach ar a shon sin, tá an Eoraip ag feidhmiú.
Táimid ábalta cinntí a ghlacadh.
Táimid in inmhe léargas a thabhairt ar conas a thrádáiltear roinnt de na táirgí airgeadais.
Tig linn a chinntiú go mbeidh muid in ann déileáil le staid a bhaineann le cúrsaí gnóthaí eachtracha.
Táimid ábalta cinntí a ghlacadh maidir le cúrsaí feirmeoireachta agus talmhaíochta,
cúrsaí comhshaoil agus aeráide, agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
Glacaimid cinntí. Beidh sé sin chun leasa na saoránach as seo amach.
Toisc go bhfuil sé tábhachtach go bhfeidhmeoidh an tAontas beag beann ar an ngéarchéim,
beag beann ar na díospóireachtaí maidir le stádas domhanda na hEorpa.�